Beo! (freagraí ar: Ollanach i nDiaidh na Féinne) http://beo.ie/alt-ollanach-i-ndiaidh-na-feinne.aspx#comments D’fhág cuairt an scríbhneora, Alex Hijmans, ar Éirinn le déanaí lón machnaimh ag Éilis Nic Aodhagáin ar an gcaoi a dtéann saíocht tíre eile i bhfeidhm ar an duine. ga Cóipcheart Oideas Gael. Sat, 14 Dec 2013 11:03:38 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ An Cainteoir Dóchais http://beo.ie/alt-ollanach-i-ndiaidh-na-feinne.aspx#comments Píosa breá machnamhach. Is maith liom an coincheap sin de 'chultúrseac droim ar ais'. Nach mé a bhíonn buailte leis gach uair a fhillim ar mo thír dhúchais féin!
Sat, 14 Dec 2013 11:03:38 GMT Fearn http://beo.ie/alt-ollanach-i-ndiaidh-na-feinne.aspx#comments @ Tá an tinteán s’aige bogtha.

D'aimsigh tú é!
Fri, 13 Dec 2013 11:39:53 GMT An Bainisteoir http://beo.ie/alt-ollanach-i-ndiaidh-na-feinne.aspx#comments Don té a scríobh an teachtaireacht maslach sin, a scrios mé, faoi ghné den alt árithe seo, ná bí ag cuir do chuid ama amú. Muna bhfuil faic níos mó le déanamh agat ach a leithéidi a scríobh, téigh ar shiúlóid!
Thu, 12 Dec 2013 11:55:30 GMT Sylvia http://beo.ie/alt-ollanach-i-ndiaidh-na-feinne.aspx#comments Go raibh maith agat as an alt tuisceanach seo. An tabhachtach an t-ábhar seo an lá atá inniu. Tá mise i mo chónaí thar lear fosta le fada anuas agus tá taithí agam ar an saol i dtíortha éagsúla. Feictear dom uaireanta go bhfuil féiniúlachta éagsúla agam chomh maith! Is minic agus mise i SAM, mo thír dhúchais, agus mo dhearcadh difriúil le dearcadh acusan, go síleann daoine nach bhfuil mé dílis ar mo thír féin. Goilleann sé sin. Ach is coitianta an staid seo ag an-chuid duine ár linne agus tá sé ag méadú agus daoine ag dul sa tóir ar fud na cruinne ar fhostaíocht nó ar shaol níos fearr ná an saol a bhí acu. Deis mhaith caoinfhulaingt a fhoglaim!
Wed, 04 Dec 2013 22:55:51 GMT Seán http://beo.ie/alt-ollanach-i-ndiaidh-na-feinne.aspx#comments Alt iontach suimiúil. Tá mise sa mbád céanna faoi láthair - tá mé i mo chónaí thar lear agus bíonn sé deacair anois is arís, ach níl mo bhaile in Éirinn mar an gcéanna a thuilleadh ach an oiread. Tá an taithí thar lear tar éis mo dheacardh ar an saol a athrú, ach bíonn gach rud mar an gcéanna ar ais in Éirinn. Is cosúil nach bhfuil aon rud ag tarlú agus mé thar lear, ach ag an am céanna bíonn mo chairde agus mo mhuintir ag iarraidh rudaí "Éireannacha" atá athraithe a mhíniú dom nuair a théimse ar ais ann! Is nós thar a bheith aisteach é.

Maith thú ar aon nós. Bhain mé an-sult as an alt seo. Abhár macnaimh do dhuine ar bith nach bhfuil cónaí orthu san áit inar rugadh agus togadh iad.
Wed, 04 Dec 2013 08:42:27 GMT