Beo! (freagraí ar: Ba Chóir Glacadh leis an Chonradh Fhioscach) http://beo.ie/alt-ba-choir-glacadh-leis-an-chonradh-fhioscach.aspx#comments Aon leathanach déag soiléir agus soléite faoi rialachas geilleagair, gan tada thairis sin, atá sa Chonradh Fhioscach agus dar le Ciarán Mac Aonghusa, luíonn sé le céill do mhuintir na tíre glacadh leis. ga Cóipcheart Oideas Gael. Mon, 21 May 2012 00:32:41 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Ciarán Mac Aonghusa http://beo.ie/alt-ba-choir-glacadh-leis-an-chonradh-fhioscach.aspx#comments A Lúcáis,

Go raibh maith agat as ucht do fhreagra. Tá an ceart agat narbh é an caiteachas poiblí (amháin) ba chúis leis an ghéirchéim. Is léir go bhfuil cúiseannaí éagsúla taobh thiar di. Ina measc, dar liom, tá: 1) an domhandú dearg a tháinig ar earnáil an airgeadais go ginearálta agus an chaoi nár cuireadh bealaí cearta i bhfeidhm le dul i ngleic leis na himpleachtaí agus na rioscaí éagsúla a bhaineann leis; 2) na lochtanna a fágadh ar an euró i dtús - easpa comhthataithe i gcúrsaí baincéireachta agus i gcúrsaí fioscacha, agus an dóigh ar ligeadh isteach tíortha nach raibh a gcuid geilleagair "réidh" (cóineasaithe leis na tíortha láidre). Ina measc siúd bhí an Ghréig, ach an Iodáil fosta agus tíortha eile b'fhéidir nach iad; 3) an dóigh nár cloíodh leis na rialacha a bhí ann.

Léigh mé (agus léim) Krugman. Tá an ceart aige nach é an ciorrú ar chaiteachas an bealach is fearr le cúlú a shárú. Is fearr i bhfad polasaithe fritimthriallacha a fhágfadh go mbeadh stát in ann caiteachas breise a dhéanamh le linn cúlaithe. Ach cén chaoi gur féidir caiteachas breise a dhéanamh mura bhfuil an margadh sásta tuilleadh airgid a thabhairt? Do na tíortha Eurpacha atá thíos, níl ach aon fhoinse amháin eile: ciste lárnach. Ach go dtí seo ní raibh an ciste lárnach sin ann. Tá an cumas sin á chur le chéile anois, i dtús fríd an ESM. Ach ní mhairfidh an euro dar liom gan "cur le chéile" níos doimhne fós maidir le cúrsaí fioscacha (agus eile). Agus ní bheimid in ann dul an bealach sin gan na Gearmánaigh a thabhairt linn. Agus ní ghéillfidh siad siúd don "comhaontú fioscach" gan srianta a chur ar na stáit úd a cheaptar dóibh nach bhfuil sé de nós acu smacht ceart a choinneáil ar chúrsaí caiteachais. Mar sin tá an ceart ag Krugman ar leibhéal eacnamaíoch ach tchítear domh nach bhfuil an tuiscint cheart aige ar an ghné pholaitiúil den scéal seo. Baineann an Conradh seo leis an ghné sin cinnte, ach is gné thábhachtach í sin.
Mon, 21 May 2012 00:32:41 GMT Lúcás Ó Callanáin http://beo.ie/alt-ba-choir-glacadh-leis-an-chonradh-fhioscach.aspx#comments An fhadhb is mó leis an gconradh seo ná nach mbaineann sé le réaltachtaí eacnamaíochta na hEorpa. Bunaítear é ar an gcreideamh bréagach gurbh é caiteachas poiblí na dtíortha éagsúla san Eoraip a ba chúis leis an ngéarchéim eacnamaíochta ach ní cruinn é sin. Is inghlactha é idéal an 'bhuiséid comhordaithe' agus tú i mbun bhuiséadaithe sa mbaile ach ní mór a haithint nach ionann an teach agus an tír. Ní fheidhmaíonn an polasaí úd do eacnamaíochtaí náisiúnta. Ní ghearrann rialtais as géarchéimí. Is mór an trua nár léigh údar an phíosa seo an t-alt a scríobh an t-eacnamaí tábhachtach Paul Krugman do pháipéar nuachtáin na gnólachtaí idirnáisiúnta i Meiriceá ar thug sé 'a mutual suicide pact' ar an gconradh fioscach. B'fhéidir gur dearfach an rud é an conradh ó thaobh cúrsaí polaitiúla ach tá dul amú ar an té nach nglacann leis gurb amaideach amach is amach é an conradh i dtaobh na heacnamaíochta de.
Sun, 20 May 2012 05:48:20 GMT