Beo! (freagraí ar: An Mó Polainnis ná Gaeilge a Labhraítear in Éirinn?) http://beo.ie/alt-an-mo-polainnis-na-gaeilge-a-labhraitear-in-eirinn.aspx#comments Chaith Donncha Ó hÉallaithe súil ar na figiúirí a foilsíodh le gairid ón Daonáireamh a tógadh Aibreán seo caite. Deir sé gur ábhar dóchais atá iontu ar an láimh amháin ach ag an am céanna, fiafraíonn sé an bhfuil níos mó den Pholainnis á labhairt in Éirinn faoin am seo ná Gaeilge? ga Cóipcheart Oideas Gael. Fri, 04 Apr 2014 23:54:25 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Braoin Ó Braoin http://beo.ie/alt-an-mo-polainnis-na-gaeilge-a-labhraitear-in-eirinn.aspx#comments Ní chloisim an Ghaeilge ar na sráideanna níos mó. Pólainnis atá ann anois, agus an béarla ar ndó...
Fri, 04 Apr 2014 23:54:25 GMT Conchubhar Ó Dálaigh http://beo.ie/alt-an-mo-polainnis-na-gaeilge-a-labhraitear-in-eirinn.aspx#comments Aontaím le Donncha gur chóir dúinn a bheith cúramach agus muid ag tabhairt míniú ar an bhféinmheastóireacht atá á déanamh sa Daonáirimh maidir le “Gaeilgeoirí laethúla” srl. Más rud é go dúirt me cúpla abairt i nGaeilge le mo mhuintir ar mo bhealach amach ar maidin, ach ansin lean orm leis an mBéarla ar feadh an lae go léir ina dhiaidh sin, an gciallaíonn sé sin gur “cainteoir laethúil Gaeilge” ar an lá sin mé? Is dócha, go gciallaíonn. Ach más é, is beag an chiall atá leis sin. Is matán í an teanga. Mura n-úsáidtear í, cailltear í. Ní leor é, dar liomsa, an iliomad “abairt amháin in aghaidh an lae”, nó “cúpla abairt in aghaidh na seachtaine” a chomhaireamh chun measúnú cheart a thabhairt ar úsáid na Gaeilge i measc an daonra. Táimid ag cur dallamullóg orainn féin. Caithfear ‘dlús’ agus ‘cáilíocht’ na cumarsáide a thabhairt san áireamh, ar shlí éigin – cé go mbíonn sé deacair, tá a fhios agam, na saintréithe úd a mheas. Maidir leis an moladh go mbeadh “250,000 Gaeilgeoir rialta (á úsáid go seachtainiúil ar a laghad)” mar slat tomhais don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – bhuel tá an sprioc sin insroichte, cinnte. Ach an bhfuil aon chiall ag baint leis? Ar cheart dúinn a bheidh bródúil as an toradh sin?
Fri, 27 Apr 2012 15:52:37 GMT Páid Ó Donnchú http://beo.ie/alt-an-mo-polainnis-na-gaeilge-a-labhraitear-in-eirinn.aspx#comments San aimsir a caitheadh bhí an Ghaeilge le cloisteáil i neart sráideanna i Lancashire agus Lanarkshire. Agus pubanna áirithe "beo" léi.
Bhí macalla na nGael i garrantaí Lincolnshire agus duganna Nua Eabhrac. Agus céard a tharla di? An rud ceanann céanna a dtarlófar i gceann scór bliana don Pholainnais in Éirinn.
Mon, 16 Apr 2012 19:26:20 GMT Cormac http://beo.ie/alt-an-mo-polainnis-na-gaeilge-a-labhraitear-in-eirinn.aspx#comments Is fiu i gconai a bhfuil le ra ag Donnchadh a leamh!
Sat, 14 Apr 2012 10:52:46 GMT An Cainteoir Dóchais http://beo.ie/alt-an-mo-polainnis-na-gaeilge-a-labhraitear-in-eirinn.aspx#comments An t-aon fhreagra atá agam ar an tuairisceoireacht ar fad faoi fhás na bPolannach in Éirinn ná: so what? Ní hí Éire an t-aon tír ar domhan a bhfuil mionlach mór Polannach inti. Is siúlach an náisiún iad -- dála na nÉireannach féin.
Mon, 09 Apr 2012 14:49:02 GMT