Beo! (freagraí ar: An Lucht Oibre: Páirtí ar Strae?) http://beo.ie/alt-an-lucht-oibre-pairti-ar-strae.aspx#comments Cuirfear tús an bhliain seo chugainn le sraith comórthaí éagsúla ar a tharla sa tír seo céad bliain ó shin, thuaidh is theas. Tá bunú an Lucht Oibre mar pháirtí nua polaitíochta, ar ceann de na ócáidí stairiúla a bheas le comóradh. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go mb’fhearr le cuid de Airí Rialtais an Lucht Oibre nach mbeadh aon chomóradh ann! ga Cóipcheart Oideas Gael. Tue, 27 Dec 2011 23:28:34 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Fearn http://beo.ie/alt-an-lucht-oibre-pairti-ar-strae.aspx#comments "Cuirfear ceisteanna crua an bhliain seo chugainn ar Éamonn Gilmore, Pat Rabbitte, Joan Burton, Ruairí Quinn agus ar Bhreandan Howlin faoin áit a ndeachaigh siad ar strae."

B'fhearr liom go ndéanfadh iriseoirí anailís stuama seachas bheith ag tuar go gcuirfear ceisteanna

"Tá údar ag an Lucht Oibre a bheith caithréimeach na laethanta seo. Tá 37 Teachta Dála ag an bpáirtí, an líon is mó riamh ag an bpáirtí sa Dáil. Anuas ar sin, d’éirigh le iarrthóir an Lucht Oibre, Micheal D. Higgins, os cionn milliún vóta a fháil, le bheith tofa ina Uachtarán le gairid. "

In ainm Chroim, shíl mé go raibh pairtí polaitíochta ar mhaithe an phobail seachas a "réaltaí" fhéin
Tue, 27 Dec 2011 23:28:34 GMT Daithí http://beo.ie/alt-an-lucht-oibre-pairti-ar-strae.aspx#comments Is fíor duit a Dhonnacha, is maith liom an t-alt seo. 'Sé mo thuairim féin go ndearna Páirtí an Lucht Oibre botún ana mhór dul isteach sa Rialtas le pairtí eile chomh choimeádeach ná FG agus le polisaithe chomh sciathán dheis acu. Foillsiú atá ar shúil acu agus leag siad síos ná muintir a thug votaí dóibh. Thiocfaidh lá an chúintas dóibh ar an gcéad toghachán eile nó níos luaithe ná sin b'fhéidir.
Mon, 26 Dec 2011 23:54:44 GMT defaoitavitch http://beo.ie/alt-an-lucht-oibre-pairti-ar-strae.aspx#comments Deirtear gur i lár an bhóthair a bhíonn na vótaí agus is ann a chuadar á mbailiú is léir. Baintear an iomarca úsáide san alt as figiúir ón stát seirbhís agus muid fágtha ar an aineolas faoi chéard tá na mórchomhluchtaí príobháideacha ag íoc. Scapegoating is toradh leis seo agus na comhluchtaí príobháideacha breá sásta nach bhfuil súil níos géire á choinneáil orthu. Agus is ann atá an gadaíocht is mó ag tarlú agus acmhainní na tíre á bhronnadh orthu.
Cén áit a ndeachaigh Páirtí an Lucht Oibre ar strae? I lár an bhóthair, déarfainn, 'nós gach éinne.
Wed, 21 Dec 2011 16:18:21 GMT Conghaileach http://beo.ie/alt-an-lucht-oibre-pairti-ar-strae.aspx#comments Nuair a scríobh Niamh Puirséil leabhar ar Pháirtí an Lucht Oibre, roghnaigh sí tosnú ag 1922. Is léir gur de bhunadh an tSaorstáit an páirtí atá ann ó shin. Mar a deir tú a Dhonncha, níl mórán nasc idir an páirtí atá i gcomhrialtas le Fine Gael faoi láthair agus an páirtí a mhol an Lorcánach agus an Conghaileach céad bliain ó shin. Faraor, bhí Séamus Ó Conghaile ina chónaí i mBéal Feirste ag an am, mar sin ní bheadh cead aige bheith ina bhall fiú de Pháirtí "an Lucht Oibre" atá ann inniu.
Tue, 06 Dec 2011 19:29:27 GMT