Sat, 01 Mar 2014 23:36:45 GMT Mícheál Ó Máirtín http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Is eol do chách gurb ionann FG agus bás na Gaeilge. A Dhonncha, an bhfuairis freagra ó Enda???
Fri, 21 Feb 2014 17:11:42 GMT rossa ó snodaigh http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Tán tubháile caite isteach agat a Dhonnchadh. agus is trua san ó dhuine chomh fuinniúl leat.
Ach samhlaím gur gá dúinn an díosdpóireacht a leathanú mar gur chóras í an choras oideachais sa tír seo nach raibh riamh mar fheidhm an teanga a shlánú.
Slánú an teanga agus cé mar is féidir len córas oideachais cuidiú é sin a dhéanamh. Sin í an chúis cainnte ar chomhair bheith againn.
Séard atá de dhíth ná córas úr a deireann go hoscailte gur ar son ath-shealbhú teanga na tíre atá na nithe seo á chur i bhfeidhm. Geallaim go mbeadh an tír agus an domhain ar son feachtas dá leithéad.
Faoi mar atá sé faoi láthair tuigtear nach bhfuil aon fheidhm ar leith len éigeanntas mar nach bhfuil plean níos iomláine á chur i bhfeidhm ag cinnirí na tíre. Caifear tabhairt faoi an pleann 20 bliain ina iomláinne sar a bhfiltear ar cheist an éigeantais.
Ach o thuairim féin samhlaím gur éigeantas agus 10 n-oiread an tiomantas len a mhúineadh ón mbunscoil ar aighidh atá uainn.
Cur i gcéill, fimíneachas nó frith Ghaelachas atá in aon ghníomh eile.
Len teanga a shlánú ó bheith sloghtha go hiomlán ag an teanga is treise sa tír, ní bheadh i gcuid bheag den phleann sin an éigeantais .
1. 120 uair le chaitheamh ag múinteoirí ag foghlaim conas Gaeilge a mhúineadh mar theanga iasachta; mar a dhéanann siúd a dhéanann lught foghlama TEFL.
2. Cúrsa TEG á ofráil saor in aisce do chuile mhúinteoir sa tír le gur féidir leo breis ranganna a mhúineadh trí ghaeilge. I dtreo is go mbeidh chuile scoil sa tír ag múineadh ar a laghaid leath na n-ábhar trí Ghaeilge, Bun Scoileanna agus Meán Scoileanna sa áireamh.
3. An taon rogha a fhaigheadh daltaí ná cioca ábhar ar mhian leo staidéar a dhéanamh orthu tré Ghaeilge.
4.Oiliúnt cheart TEG A2 agus B1 a thabhairt do stiúthóirí naoílanaí ar conas an Ghaeilge a thabhairt isteach sa chóras.
Níl tada mar sin cloiste againn ó Fhine Gael.
Faoi mar a sheasann sé séard atá i bpolasaí díchéilií an fine frith ghael ná leithéidí seo:
"fiú le riail agus iachaill níl éirithe linn an sochaí a thiontú len a cuid bruascar a chur sna boscaí bruascar; mar sin déanfaimis roghnach é mar nach bhfuil ag éirí len éigeantas".
Seafóid a bheadh in a leithéad de chinne.
Má tuigtear duit gurb í an Ghaeilge foinse ár gcultúr agus gur baol dár gcultúr daoine a bheadh ag déanamh beag den teanga níl aon rogha agat ach gan do vóta a chaitheamh leo.
Sat, 05 Feb 2011 11:47:48 GMT Éamonn Mac Niallais http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments An tOllamh David Little:
“We could make it optional for Leaving Certificate; and after a few years we might come to think that it should be optional for Junior Certificate too; and after that – well, what’s the point of bothering with compulsory Irish at primary level, if it’s going to be taken only by a tiny minority at second level? If we follow this path, we may well find that by the end of this decade Ireland has sold its linguistic birthright and staked its entire future – cultural, political, economic – on the continuing international dominance of English. On the other hand, we can respond by taking seriously the linguistic challenge of the European project; recognizing that Irish belongs not just to Ireland’s but to Europe’s linguistic heritage; taking note of the empirical fact that the more languages you learn, the easier it becomes; insisting that Ireland’s membership of Europe requires us to make foreign language learning a compulsory part of schooling; and seeking ways of achieving more effective learning outcomes.”
Wed, 26 Jan 2011 12:05:39 GMT Eoghan http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments 'Snámh in aghaidh easa atá sa scéal; ag iarraidh brú ar scoileanna bochta na tíre, Theip ar an cúis sna triochaidí 'sna ceathracha etc is teipfidh sé arís. Tá an teanga ídithe beagnach go h-iomlán sa Gaeltacht. Lig do obair dheonach is deathoil an phobail is dein dearmad den poilitiíocht is de mheoin an deontais.'
Obair mhór, aithin nár iarras deontas, níl an cheist seo faoi dheontas chor ar bith, tá dearcadh iontach duairc agat gur theip ar an gcúis seo cheana, dar liom gur chuir sé ar chumas mórán daoine Gaeigle mhaith abheith acu, ní raibh móán suime ag cuid mhór acu leanacht léi, rud a bheadh fíor cuid mhaith fós sa lá atá inniu ann. Déanann tú caint ar ' brú ar scoileanna bochta sa tír' is léir nach dtuigeann tú an cheist mar is ceart, ní bhaineann sé le brú ar scoileanna chor ar bith ag sealbhú cuid dhílis dár ndúchas. Feabhsaigh an mhúinteoireacht cinnte ach ná baintear ón aon teagmháil a bhíonn ag móran daoine leis an teanga. Ní bheidh an t-athrú seo fiú sásúil dóibh siúd ata i gcoinne na Gaeilge, beidh siad ag iarraidh baint uaithi arís eile.
'Lig do obair dheonach is deathoil an phobail is dein dearmad den poilitiíocht is de mheoin an deontais.'
Ráiméis, ní bheadh da thoradh sin ach Gaeilge nach mbeadh tacaíocht stáit ann di, rud a dhreofadh an-tapa, gan leabhair, gan eagraíochtaí teanga bheith deireadh le h-aon seasamh ag an teanga i roinnt glúnta agus thitfeadh sí chun cúil dá bharr.
Sun, 16 Jan 2011 23:52:12 GMT Peadar http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Snámh in aghaidh easa atá sa scéal; ag iarraidh brú ar scoileanna bochta na tíre, Theip ar an cúis sna triochaidí 'sna ceathracha etc is teipfidh sé arís. Tá an teanga ídithe beagnach go h-iomlán sa Gaeltacht. Lig do obair dheonach is deathoil an phobail is dein dearmad den poilitiíocht is de mheoin an deontais.
Thu, 13 Jan 2011 13:48:26 GMT balor http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Tá rud amháin cinnte - beidh tuistí na tíre seo tacúil leis an Ghaeilge má bhíonn a gcuid páistí ábalta í a shealnhú go pléisiúrtha agus go h-éifeachtach. Thig sin a dhéanamh má bhíonn múinteoirí oillte spreagúil ar fáil lé í a theagasc le cuidíu ábhar mealltach suimiúil. Mar shampla, cad faoi leagan Beo! do dhéagóirí ? Is infheistíocht maith a bheadh ann. Cad faoi HDip ceart a bheith ar fáil - éinne a rinne an teastas sin, níor fhios acu conas teagasc (don chuid is mó - tuigim go bhfuil múinteoirí iontacha ansin). Fosta, caithfear leanstan le tacaíocht láidir do na Coláistí samhraidh.
Wed, 12 Jan 2011 13:09:36 GMT Eoghan http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Riarachán nua? Smaointí nua? Níl ann ach go bhfuil siad ag cur i gcoinne na Gaeilge, FF agus SF an ea? Baint ná páirt agam leo ach iad amr an dá pháirtí is mó ar son na Gaeilge braithimse.
Tue, 11 Jan 2011 22:46:41 GMT Peadar http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Nil sa feachtas seo ach sort FF, SF gluaiseacht ag agóid i gcoinne smaointí nua is riarachán nua a rachadh chun tairbhe na Gaeilge is na tíre.
Sat, 08 Jan 2011 13:45:12 GMT Eoghan http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments A pheadair ní bhaineann seo le acmhainní. Ceist eile í sin. A Dhonncha is eagal liom go bhfuil tú tar éis géilleadh do Enda an Bhéarla. Caithfear tuiscint nach seo an t-aon pholasaí frtihGhaeilge a bheidh acu, déanfar seo agus leanfar ar an mbóthar ceanna i ngach aon reimse. Nárbh fhearr, a Dhonncha an Ghaeilge bheith éigeantach in Éirinnn fiú ó thaobh stáidais, is leis go bhfeabhsófaí an módh múinteoireachta, thabharfadh sin an 60% duit, ach 60% den 90% a bheadh ann. Ma ghlacann éinne againn leis an bpolasaí seo in aon chor nó fiú bealach ceadaithe mar atá déanta agat thuas tá buaite acu orainn. Ná bíodh aon éiginnteacht orainn, príomhdhúnghaois de chuid an Fhine Gall é seo, buille i gcoinne na Gaeilge, mura mbeimid láidir ina choinne scriosfar muid Gaeil.
Féach thíos;
'Tá Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag eagrú cruinnithe maidir leis an nGaeilge a bheith mar phríomhábhar don Ardteist agus an baol atá ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hardteiste i ndiaidh olltoghchán 2011.
Beidh an cruinniú ar siúl ar an Aoine, 21 Eanáir 2011, ag 14.00 in óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh.
Sat, 08 Jan 2011 12:38:24 GMT Irial http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Tá ciall ag baint le moladh Dhonncha - sin an fáth nach nglacfar leis
Thu, 06 Jan 2011 12:16:42 GMT Peadar http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Caitear na milliúin ar tionscail na Gaeilge. An bhfuil cúntas tairbhe á dhéanamh? Ní fheicim toradh ar bith air. Níl na h-acmainní ann a thuille is caifear a bheith realaioch anois.
Thu, 06 Jan 2011 11:10:00 GMT Sibéal http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Ní ceart aon chinneadh a dhéanamh faoi éigeantacht na Gaeilge san Ardteist nó a mhalairt gan polasaí oideachais iomlán a phlé nó gan polasaí Gaeilge a phlé.
Wed, 05 Jan 2011 17:57:18 GMT Peadar http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Theip ar an éigeantacht i bhfad ó shin. Lig d'Enda a smaointí féin a dhéanamh suas.Faoiseamh dom sa státseirbhís na laincisí a scaoileadh i 1973. Grá don teanga is cead a chinn i bhfad níos fearr do scoláirí is do bheidh rath ar an teanga.
Wed, 05 Jan 2011 16:13:46 GMT Róise http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Is maith an litir í. Meas tú an bhfaighimis an deis é sin a rá leis agus éisteacht a fháil uaidh...
Wed, 05 Jan 2011 13:45:33 GMT Colin Ryan http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Tá ciall leis an méid sin (labhraím mar eachtrannach) ach ba bheag an tairbhe d’aon duine Gaeilge a dhéanamh riachtanach do státseirbhísigh arís, ós beag duine a n-éireodh leis sa scrúdú. Go fiú sa seansaol bhí an scrúdú céanna bog go leor, más fíor. B’fhearr aonad Gaeilge a chur ar bun i ngach Roinn.
Wed, 05 Jan 2011 06:02:04 GMT aonghus http://beo.ie/alt-litir-oscailte-chuig-enda-kenny-td.aspx#comments Seift spéisiúil. Ach tá an amhras orm go nglacfar leis.
Tue, 04 Jan 2011 13:14:58 GMT