tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 20 Meitheamh 2014, 11:38 GMT
Cé hí an Fiona Ní Anluain seo, agus cad air ina bhfuil sí ina heolaí?
tabhair freagratabhair freagra #2 séamus 20 Meitheamh 2014, 14:11 GMT
Tréaslaím ardchumas do chuid Gaeilge leat a Ghráinne. B'fhiú trácht níos grinne a dhéanamh ar an bpacáistiú a dhéantar ar earraí bia agus ar an eolas nó an easpa eolais faoin earra sin féin a thugtar. Tabhair faoi deara, leis, go n-úsáidtear cló an-bheag go léir leis an eolas sin a thabhairt, rud a chruthaíonn mórdheacrachtaí lena léamh. D'aon ghnó glan a dhéantar é sin, dar ndóigh. Rud a fhágann ná léann puinn daoine in ao'chor é. Bíonn an t-eolas maidir leis an méid siúicre agus salainn easnamhach fabhtach go minic, leis. Is iad an dá chomhchuid sin, faoi mar a luann tú, a chruthaíonn an-chuid fadhbanna ó thaobh na sláinte dhe. Ag súil le tuilleadh alt uait amach anseo.
tabhair freagratabhair freagra #3 Seanchán 25 Meitheamh 2014, 15:01 GMT
Bhíos féin sa bhaile in Éirinn ní fada ó shin agus rinne mé suntas de staid mhurtallach roinnt mhaith de na daoine óga agus mé ar mo chamchuairt liom. Bíonn an-chuid den aos óg anois (a) ag gabháil do ghaireas leictreonach éigin nó ceangailte leo nó (b) ag cogaint na círe i gcaitheamh an ama nó (c) an dá rud sin le chéile. Thug mé faoi deara gur cineál beagmhaitheasach is mó a bhíonn sna blaistíní a chognaíonn siad agus iad beag beann nó aineolach ar an tionchar a bhíonn ag an 'truflais' sin ar a sláinte. An gcuirtear aon oiliúint orthu ar scoil faoi na cúrsáí seo nó an bhfuil siad go huile fé gheasa ag lucht na fógraíochta? Agus cad faoina dtuismitheoirí? Nó an lucht an mhurtaill iad sin leis? Ní thráchtaim anseo in ao'chor ar na deochanna sin Cóc etc arbh fhearr mún síucriúil asail ná iad aon lá.
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 26 Meitheamh 2014, 10:10 GMT
> Bhíos féin sa bhaile in Éirinn ní fada ó shin agus rinne mé suntas de
> staid mhurtallach roinnt mhaith de na daoine óga agus mé ar mo chamchuairt
> liom. Bíonn an-chuid den aos óg anois (a) ag gabháil do ghaireas
> leictreonach éigin nó ceangailte leo nó (b) ag cogaint na círe i
> gcaitheamh an ama nó (c) an dá rud sin le chéile. Thug mé faoi deara gur
> cineál beagmhaitheasach is mó a bhíonn sna blaistíní a chognaíonn siad
> agus iad beag beann nó aineolach ar an tionchar a bhíonn ag an 'truflais'
> sin ar a sláinte. An gcuirtear aon oiliúint orthu ar scoil faoi na cúrsáí
> seo nó an bhfuil siad go huile fé gheasa ag lucht na fógraíochta? Agus cad
> faoina dtuismitheoirí? Nó an lucht an mhurtaill iad sin leis? Ní
> thráchtaim anseo in ao'chor ar na deochanna sin Cóc etc arbh fhearr mún
> síucriúil asail ná iad aon lá.

Cá bhfuil tú ag cur fút anois, a Sheancháin, agus cad é staid mhurtallach na hóige ansin?
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!