« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #13 Seán Ó Riain 15 Bealtaine 2014, 11:03 GMT
Aontaím nach bhfuil na héilimh éagsúla ag teacht salach ar a chéile. Tá sárobair ar siúl ag CnG san fheachtas seo - tacaímis leo! Mura mbíonn stádas ag an nGaeilge sa Bhruiséil, is lú an stádas a bheidh aici sa bhaile. Tógadh cinneadh AE faoin gceist in 2005 agus níl dul siar air - mar sin, is cur amú ama a bheith á cheistiú 9 mbliana níos déanaí. Dá láidre seasamh na teanga san Eoraip is ea is deacra cearta a dhiúltú do lucht a labhartha abhus.
tabhair freagratabhair freagra #14 Fearn 16 Bealtaine 2014, 15:52 GMT
> > Tógadh cinneadh AE faoin gceist in 2005 agus níl dul siar air -
> mar sin, is cur amú ama a bheith á cheistiú 9 mbliana níos déanaí. Dá
> láidre seasamh na teanga san Eoraip is ea is deacra cearta a dhiúltú do
> lucht a labhartha abhus.

Ní shílim go bhfuil an ceart agat. Faoi dhó, a shocraigh ceist na Gaeilge san AE.

An chéad uair nuair a deach Éire isteach ann in 1973, d'iarr an rialtas stadas íseal don Ghaeilge in ainneoin nach ndúilteodh an Cómhargadh, mar a bhí, lánstadas don teanga, mar a bhí ag gach teanga náisiúnta eile ag an am.

Is léir go raibh dul siar an an chinneadh seo, nuair a tháinig ar stadas eile di in 2005.

Muna n-iarrfar, ní bhfaighfear
tabhair freagratabhair freagra #15 RÓC 20 Bealtaine 2014, 15:45 GMT
tá cuid mhaith den cheart ag DÓD thuas. Tabhartas ó Dhia is ea an stádas san AE go ghluaiseacht na Gaeilge. Agus teangacha eile (ar nós na catalóinise) ag cur a mbinide amach le dúil sa stádas céanna is doiligh a chreidiúint go bhfuil gaeilgeoirí ann atá chomh seafóideach sin go dtogróidís an stádas céanna a chaitheamh uathu. Níl ach tairbhe le baint ag an nGaeilge as an stádas seo. Níl mór dúinn deireadh a chur leis an maolú gan mhoill agus ansin (deirim ansin, ach i bhfírinne is ceart agus is gá tosú láithreach) nuair is féidir linn talamh slán a dhéanamh de sheasamh oifigiúil na teanga tosú ar an obair is tábhachtaí mar atá na pobail Ghaeilge arb ann dóibh a láidriú agus fíorphobal náisiúnta Gaeilge a chruthú. Sí an Ghaeilge a shlánós an náisiún.
tabhair freagratabhair freagra #16 Páid Ó Donnchú 20 Bealtaine 2014, 23:17 GMT
Dá mbeadh 200 duine le hardchumas Ghaeilge ann, níl aon dabht go mbeadh An Bhruiséil an baile is Gaelaí sa domhan. Seans go rachfainn chun cónaí ann.
tabhair freagratabhair freagra #17 Seán Mag Leannáin 21 Bealtaine 2014, 12:03 GMT
Tá an cheist seo thar a bheith tábhachtach do thodhchaí na teanga. Thug mé cuairt ar ionad Cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséal i mí na Samhna seo caite agus bhí chuile rud ann ar fáil trí Ghaeilge (i bhfoirm labhartha agus scríofa). Bhí an cur i láthair ann ar fheabhas. Ba chúis mhórtais agus gliondar croí dom é go raibh an Ghaeilge suas ansin leis na teangacha Eorpacha eile. Agus chomh maith leis sin ba theistiiméiracht é ar cé chomh éifeachtach is atá an fhoireann bheag aistritheoirí s'againne thall ansin.
Aontaím le DÓD go gcuireann an obair "sa mBruiséal" go mór le hinfreastruchtúr na Gaeilge. Is obair cheannródaíoch í an obair atá ar siúl ag an bhfoireann ansin. Tá siad ar thús cadhnaíochta i bhforbairt na teanga, á leathnú agus á haclú le haghaidh réimsí nua. Tá siad i bhfad chun tosaigh sna cúrsaí seo ar a gcomhghleacaithe i státseirbhís na hÉireann, agus deirim é sin mar iar-Phríomhoifigeach sa tseirbhís anseo. Ba chóir go mbeadh sé ina chúis náire do Rialtas na hÉireann gurb amhlaidh atá an scéal. B’fhéidir go gcuideoidh an chomparáid idirnáisiúnta linn le náire a chur orthu faoi seo sa deireadh.
tabhair freagratabhair freagra #18 Micil 21 Bealtaine 2014, 15:16 GMT
Cén chaoi a bhféadfadh an tAontas Eorpach stádas ársa oidhreachta a thabhairt don Ghaeilge bhocht nuair atá sí in ainm is a bheith ina teanga oifigiúil oibre aige freisin. Tá cinneadh le déanamh ag an bpobal sa tír seo. Céard atá uathu? Más stádas mionteanga a theastaíonn ón bpobal, maith go leor, ach ná bígí ag lorg stádas oifigiúil oibre ar ár gcomharsana thall ag an am céanna. An fiú an stádas náisiúnta atá ag an nGaeilge in Éirinn. Gach seans nach fiú, mar go bhfuil sí sa gcruachás ina bhfuil sí i ngeall ar shiombalachas agus an cúpla focal, in áit í a bheith in úsáid mar ghnáth-theanga pobail agus riaracháin na tíre. Ach an bhféadfaí í a úsáid mar ghnáth-theanga riarcháin na tíre nuair nach bhfuil aon chuid de na páipéirí gnó sin ar fáil ná á scríobh i nGaeilge? Cén mhaitheas reachtaíocht a bheith ann i nGaeilge mura bhfuil sí á plé i nGaeilge agus á cur i bhfeidhm go praiticiúil i nGaeilge. Ní féidir í a chur i bhfeidhm go praiticiúil i nGaeilge mar nach bhfuil na billí agus ionstraimí reachtúla ar fáil agus níl aon dáil, seanad ná aon údarás riaracháin eile in ann plé a dhéanamh i nGaeilge faoi reachtaíocht nach bhfuil ann i nGaeilge, gan caint ar chumas daoine í a labhairt agus a scríobh. Aistrítear Achtanna go Gaeilge nuair atá an chaint ar fad thart agus níl an spreagadh fiú ag an Aire féin an tAcht a léamh i nGaeilge faoin am sin. Tá an córas ar fad bunoscionn. Ní fiú reachtaíocht ná páipéirí ná aon rud eile a aistriú nuair atá an chaint déanta. Ba cheart an chaint a dhéanamh i nGaeilge i dtosach agus an rud a scríobh ansin. Go bunúsach, ní fiú an reachtaíocht a bheith á aistriú go Gaeilge mar atá sé á dhéanamh anois…
tabhair freagratabhair freagra #19 Fearn 22 Bealtaine 2014, 12:04 GMT
> ráiméis atá san alt seo. cuireann an obair "sa mBruiséal" go mór le
> hinfreastruchtúr na Gaeilge, ní bheadh focal.ie, breis.foclóir ná an
> foclóir nua ann murach an t-éileamh a cruthaíodh thall. tá buiséad
> aistriúcháin ag an Eoraip, agus tá siad ag dul a chaitheamh ar an
> aistriúchán - mura gcaitear sciar de ar an nGaeilge caithfear ar theanga
> eile é, ach bí cinnte nach mbainfear sciar as buiséad aistriúcháin an AE
> le tionscadail teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Amaidí ar fad a
> leithéid de chaint. Nach bhfuil chuile thír san aontas breac lena
> mionteangacha féin? Níl an AE ag dul ag drannadh leis an gceist sin.
> Tapaigh an deis seo atá an AE a chur ar fáil. Na ceisteanna eile faoi
> shlánú na Gaeltachta - tá siad fíorthábhachtach, ach ceisteanna iad is gá
> a réiteach in Éirinn, trí bhrú an chur ar rialtas na hÉireann agus trí
> ghníomhaíocht phobail. Ná tabhair do shonas ar do dhonas a Dhonncha. Rud
> eile de, dá láidre seasamh na teanga san Eoraip is ea is deacra cearta a
> dhiúltú do lucht a labhartha abhus.

Tagaim leat!
tabhair freagratabhair freagra #20 Fearn 22 Bealtaine 2014, 12:08 GMT
> Dá mbeadh 200 duine le hardchumas Ghaeilge ann, níl aon dabht go mbeadh An
> Bhruiséil an baile is Gaelaí sa domhan. Seans go rachfainn chun cónaí ann.

Sílim fhéin go bhfuil " 200 duine le hardchumas Ghaeilge " ina gcónaí gar do chéile in iomaí áit in Éirinn cé go mbeadh sé cruaidh orm a chruthú.
tabhair freagratabhair freagra #21 RÓC 22 Bealtaine 2014, 15:10 GMT
> Cén chaoi a bhféadfadh an tAontas Eorpach stádas ársa oidhreachta a
> thabhairt don Ghaeilge bhocht nuair atá sí in ainm is a bheith ina teanga
> oifigiúil oibre aige freisin. Tá cinneadh le déanamh ag an bpobal sa tír
> seo. Céard atá uathu? Más stádas mionteanga a theastaíonn ón bpobal, maith
> go leor, ach ná bígí ag lorg stádas oifigiúil oibre ar ár gcomharsana
> thall ag an am céanna. An fiú an stádas náisiúnta atá ag an nGaeilge in
> Éirinn. Gach seans nach fiú, mar go bhfuil sí sa gcruachás ina bhfuil sí i
> ngeall ar shiombalachas agus an cúpla focal, in áit í a bheith in úsáid
> mar ghnáth-theanga pobail agus riaracháin na tíre. Ach an bhféadfaí í a
> úsáid mar ghnáth-theanga riarcháin na tíre nuair nach bhfuil aon chuid de
> na páipéirí gnó sin ar fáil ná á scríobh i nGaeilge? Cén mhaitheas
> reachtaíocht a bheith ann i nGaeilge mura bhfuil sí á plé i nGaeilge agus
> á cur i bhfeidhm go praiticiúil i nGaeilge. Ní féidir í a chur i bhfeidhm
> go praiticiúil i nGaeilge mar nach bhfuil na billí agus ionstraimí
> reachtúla ar fáil agus níl aon dáil, seanad ná aon údarás riaracháin eile
> in ann plé a dhéanamh i nGaeilge faoi reachtaíocht nach bhfuil ann i
> nGaeilge, gan caint ar chumas daoine í a labhairt agus a scríobh.
> Aistrítear Achtanna go Gaeilge nuair atá an chaint ar fad thart agus níl
> an spreagadh fiú ag an Aire féin an tAcht a léamh i nGaeilge faoin am sin.
> Tá an córas ar fad bunoscionn. Ní fiú reachtaíocht ná páipéirí ná aon rud
> eile a aistriú nuair atá an chaint déanta. Ba cheart an chaint a dhéanamh
> i nGaeilge i dtosach agus an rud a scríobh ansin. Go bunúsach, ní fiú an
> reachtaíocht a bheith á aistriú go Gaeilge mar atá sé á dhéanamh anois…

Sin go díreach an rud a dhéanann an AE... aistrítear na cáipéisí go Gaeilge agus an plé fós ar siúl - tugtar tograí le haghaidh rialachán orthu. San Eoraip déantar an t-aistriúchán go chuile theanga ag chuile chéim sa dóigh gur féidir an plé a dhéanamh i chuile theanga ag chuile chéim. Tá an stádas san AE fíorthábhachtach dúinn mar tá cuid mhaith le foghlaim againn in Éirinn faoi conas a oibríonn córas nach córas aonteangach (móide siombalachas) é.
tabhair freagratabhair freagra #22 Ross 30 Lúnasa 2014, 14:43 GMT
"‘Easpa saineolaithe ar an nGaeilge’ an fáth a thug an AE."

Ní dóigh liom go bhfuil an fhírinne á léiriú sa ráiteas sin ar chor ar bith. An fhadhb atá ann ná nach ionann na scrúduithe do na haistritheoirí agus an post a dhéanann siad. Bíonn orthu an tríú teanga a labhairt do scrúdú na n-aistritheoirí ach ní don phost i ndáiríre (go háirithe na haistritheoirí Gaeilge ar aon nós). Anuas air sin, bíonn orthu tabhairt faoi scrúduithe maidir leis an reasúnaíocht theibí, bhriathartha srl. agus teipeann orthu sna scrúduithe sin.
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!