tabhair freagratabhair freagra #1 galt 14 Aibreán 2014, 20:59 GMT
Tá fadhb bheag ag an html thuas:

Bíodh go bhfuil=although">="gloss" title="are a matter of interest">
tabhair freagratabhair freagra #2 Cé sin amuigh? 15 Aibreán 2014, 10:24 GMT
Réitithe, a Galt, bail ó Dhia ort.
tabhair freagratabhair freagra #3 Páid Ó Donnchú 16 Aibreán 2014, 01:23 GMT
Tá pointí ana-mhaith san alt seo. Ceann eile a ritheann liomsa ná an difríocht idir an Béarla agus an Ghaeilge maidir le clófhoireann. Tá an leagan Béarla coitianta, breathnaíonn sé nádúrtha, seasmhach. Ach tá an leagan Ghaeilge speisialta, neamh-gnáthach, imeallach go deimhin. Mar is iondúil, táimid tar éis balls-up a dhéanamh tríd castacht agus droch-dhearadh. Tuilleadh anseo. http:/​/​www.garrettreil.ie/​design-research-blog_files/​the_origins_of_Irelands_road_sign_design.php
tabhair freagratabhair freagra #4 Maura 17 Aibreán 2014, 15:09 GMT
Aontaím leat go bhfuil neamhréireachtaí ann ó thaobh an chlófhoireann de ar chomharthaí. Tá tuarascáil Garret Reil léite agam agus déanaim tagairt dó i mo mháistreacht taighde atá ar fáil ag: http:/​/​doras.dcu.ie/​19416/​1/​Maura_Lynskey_Thesis.pdf Beidh leabhar á fhoilsiú agam go luath atá bunaithe ar ábhar an ailt seo agus ábhar mo mháistreachta. Tá tuilleadh eolais le fáil ag: http:/​/​mauralynskey.wordpress.com/​
tabhair freagratabhair freagra #5 seamus o murthaile 17 Aibreán 2014, 23:28 GMT
an-alt ansan agat a mhaire, dan ag michael davitt (nach maireann) ina luaitear na sinti fada a fhagtar ar lar i gcomharthai bothair.
bhfuil se in am dul i mbun na scuaibe agus na peinte duibhe aris? praiseach agus pracas ceart a lan acu ach an mbeifi ag suil lena mhalairt?
Google translate a usaideadh i gCorcaigh chun an English Market a aistriu (Bearla Margadh).
Is cloite an cime-chine sinn.
tabhair freagratabhair freagra #6 Cé sin amuigh? 18 Aibreán 2014, 17:31 GMT
An-alt agus tabhairt airde ar cheist an-tábhachtach, bail ó Dhia ort!
tabhair freagratabhair freagra #7 Breathnóir 19 Aibreán 2014, 11:05 GMT
Ar a laghad bíonn comharthaí dátheangacha le fáil sa Phoblacht. Cá huair a bheas na comharthaí bóthair dátheangach ó thuaidh. Ar na mallaibh dhiúltaigh Bord Turasóireachta an Tuaiscirt maoiniú a thabhairt do Chomhairle áitiúil le comharthaí dátheangacha a chur in airde. Is mór an náire é.
tabhair freagratabhair freagra #8 Fearn 22 Aibreán 2014, 15:49 GMT
An-alt go deo, a Mháire, agus is léir go ndearna tú grinnscrúdú air.

Ach ní hionann an galar a bhreathnú agsu leigheas a mholadh, agus i ndeireadh na dála, is sa leigheas atá an réiteach.

Litreacha chuig na cumhachtaí? chuig an Choimisinéir Teanga? chuig na poiliteoirí? Nó péinteáil is spraeáil na heaspaí? An leagan Gaeilge a chur isteach sinn fhéin? Duine nó beirt sa chúirt, sa phriosún? Bolscaireacht? Feachtas? Mórshúil? Suí-istigh?

Tá súil agam go mbeish deis agam do thráchtas a léamh! Sonas ort!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!