(iv) go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta; Dá mbeadh muintir 'Goitse' ag fánacht ar chabhair stáit chun nuachtán a bhunú, ní bheadh sé ann. Bunaigh é agus loirg fograí uatha seachas bheith ag ligint don Stát an chumhacht a bheith acu é bheith ann nó as. Is agóidiocht fánach atá ar bun agat, seachas rud ar bith eile.
Lá Mór na Gaeilge – an lá ba spreagúla i mo shaol le Gaeilge.
Níl cúlra ar bith agam le Gaeilge seachas an méid a d’fhoghlaim mé ar scoil ach, tá suim agam inti. Mar sin, is iníon léinn mé anois, ag déanamh stáidéir ar an nGaeilge i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Nuair a chuala mé go raibh Lá Mór na Gaeilge ar siúl, bhí a fhios agam go raibh orm dul ann. Bhí mo chroí ag insint dom dul ann. Roimh an samhradh seo caite, ní raibh mé ar an gcaighdeán céanna leis na daoine sa bhliain chéanna liom. Bhí deacrachtaí agam leis an teanga agus mar sin, ní raibh mórán muiníne agam í a labhairt. Bhí mé ag iarraidh é sin a athrú agus chaith mé sé seachtaine ag obair sa choláiste samhraidh thíos ar an gCeathrú Rua chun feabhas a chur ar mo chuid Ghaeilge. Ba shin í an áit a thuig mé don chéad uair mo ghrá don Ghaeilge, i measc mhuintir na Gaeltachta, in áit álainn. Ba chuma leo go raibh mo chuid Ghaeilge sách míchruinn, ach bhí siad sona sásta go raibh suim ag cailín as Baile Átha Cliath i labhairt na Gaeilge. Ina dhiaidh sin, d’éirigh mé níos fearr leis an teanga mar chuir a ndearcadh féin muinín ionam. Thug siad spreagadh mór dom. Dé Sathairn, Lá Mór na Gaeilge ab ea an lá ba spreagúla i mo shaol le Gaeilge. Níor cheap mé go mbeadh an slua ann chomh mór is a bhí sé. Thart ar 10,000 a bhí ann agus bhí tocht i mo ghlór nuair a chonaic mé iad. Daoine atá fíorbhródúil as a dteanga dhúchais, daoine ag iarraidh í a spreagadh, daoine ag iarraidh í a fhoghlaim, ag iarraidh í a labhairt, idir óg agus aosta. Bhí chuile duine ann chun a gcuid grá dá dteanga dhúchais a léiriú, ag seasamh go cróga léi mar go raibh An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin: ‘ag éirí as oifig ar 24 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus tá cosc á chur le fás agus le cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa tacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas’.
Rudaí gruama iad seo ach sheas muid le chéile an lá sin chun ár dtuairimí a nochtadh don Rialtas. Chun an fhírinne a rá, b’fhéidir gur chuma liom dhá bhliain ó shin faoi seo mar ní raibh mé báite go dtí mo dhá chluais le mo theanga, ach thug mé mo chroí don Ghaeilge anuraidh. Níl an paisean céanna ag ár Rialtas nó an chuid is mó de mhuintir na hÉirinn agus is fúinn féin é seo a athrú. Ní raibh an paisean seo agam tar éis na scoile ná ní raibh sé ag mo theaghlach sular thosaigh mé ag déanamh stáidéir uirthi. Ní féidir linn ligean do rudaí mar seo tarlú. Is í Gaeilge ár gcéad teanga oifigiúil in Éirinn, roimh an mBéarla, ach cén fáth nach bhfuil chuile duine líofa? Cén fáth go mbíonn muid á foghlaim ar scoil ar feadh ceithre bliana dhéag agus ní bhímid líofa nuair a chríochnaíonn muid? Is rud suarach agus brónach é seo, rud a chaithfidh muid athrú. Thug Lá Mór na Gaeilge inspreagadh dom nuair a bhí mé i measc na ndaoine atá i ngrá leis an nGaeilge. Tar éis na hagóide, bhí cóisir mhór againn i gConradh na Gaeilge. Bhí an t-atmaisféar dochreidte – chuile duine ag ceiliúradh a bpáirt san agóid, ag tabhairt a dtacaíocht a bhí léirithe an lá sin agus ag moladh a chéile as ucht an tiomantais don teanga dhúchais. Amach anseo, beidh mé ag baint úsáid as mo theanga aon deis a fhaighim. Is cuma liom go bhfuil roinnt míchruinnis i mo chuid Gaeilge féin mar tá sí agam agus nílim ach sásta agus bródúil chun í a labhairt. Labhair do theanga dhúchais fiú mura bhfuil cúpla focail agat. Is féidir linn ár gcearta teanga iomlán a fháil ar ais má dhéanann muid an iarracht. Is féidir linn le chéile. Labhair agus scríobh do theanga chun í a feabhsú, í a spreagadh agus chun í a bheith aitheanta i gceart arís sa tír seo!
Foilsím ábhar go rialta ar mo bhlag gan aon chabhair stáit. Ach fanann Donncha go fóill ar an gcabhair nach dtiocfaidh ón Stât seachas glacadh le cabhair atá ar fáil. Bfhéidir gur fearr leis agóidïocht ná ceanndá spriocanna a bhaint amach.
Ní ar thóir gradaim a bhím....ach ag cur do shearús ar leataobh, beidh mé i gcónaí sásta cuidiú le nuachtán nó iris áitiúil. Seasann an tairiscint sin an oiread agus gur fiú é. Tá meas agam ar an méid atá bainte amach agat a Dhonncha ach ceapaim go bhfuil tú ag dul an bealach mícheart leis an agóidíocht. Ní h-é an agóidíocht an sprioc ach cuid den phroiseas. Tá gá le toradh.
Tá FÍOR GHÁ leis an agóidíocht! I ndáiríre tá gá le raic a thógáil le cás na Gaeilge a chur faoi bhráid an mórphobal agus le léiriú nach meánaicmight compórdach muaid ach go bhfuil muid i ndáiríre faoin ár gcultúr.
Dá mbeadh muintir 'Goitse' ag fánacht ar chabhair stáit chun nuachtán a bhunú, ní bheadh sé ann. Bunaigh é agus loirg fograí uatha seachas bheith ag ligint don Stát an chumhacht a bheith acu é bheith ann nó as. Is agóidiocht fánach atá ar bun agat, seachas rud ar bith eile.