tabhair freagratabhair freagra #1 Cé sin amuigh? 4 Nollaig 2013, 13:02 GMT
"Ar an gcéad dul síos, beidh ar an nuachtán leagan clóite a chur ar fáil ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, fiú amháin muna bhfuil sin leagtha síos mar bhunchoinníoll ag an bhForas" - bhur mbarúil an fíor é sin?

Tá an fhéinfhoilsitheoireacht inmholta i bprionsabal, ach ní áis nuachta é An Gael. Tá Magcloud, cuir i gcás, go maith, ach de réir suíomh s'acu féin thógfadh sé coicís idir an t-ordú a chur isteach is an nuachtán ag teacht isteach an doras agat. Níl sin maith go leor i gcás fhoilseachán chúrsaí reatha.
tabhair freagratabhair freagra #2 Ruth 4 Nollaig 2013, 13:54 GMT
ábhar machnaimh thuas
tabhair freagratabhair freagra #3 Uinsionn Mac Dubhghaill 6 Nollaig 2013, 16:16 GMT
Tá pointe ag 'Cé sin amuigh' maidir leis an achar ama a thógann Magcloud, ach an pointe a bhí mé féin ag iarraidh a dhéanamh ná go bhfuil an teicneolaíocht ar fáil chun rud mar sin a dhéanamh... ba cheart go mbeifeá in ann é a chur amach i bhfad níos scioptha ná sin dá mba ghá. Dúshlán do dhream éigin in Éirinn?
tabhair freagratabhair freagra #4 Donncha 6 Nollaig 2013, 18:05 GMT
'Dúshlán do dhream éigin in Éirinn', a deireann Uinsionn. Ní hea ach dúshlán don dream a fhaigheann an conradh, sé sin más mian leo an uasmhéid leitheoirí a shroisint.

Dála an scéil, is deachair a chreidiúint go raibh "€10,000 á chaitheamh ag Gaelscéal ar an gcostas clódóireachta gach seachtain". Ba bhreá liom an fhoinse a fháil don figiúr sin, mar níl sé ag tíocht ar chor ar bith leis na praghasanna atá ag clódóirí i láthair na huaire! D'fhéadfadh sé tarlú gur sin a bhí á ghearradh ar Gaelscéal, ceart go leor agus más é, míníonn sé go leor agus ardaíonn sé ceist nó dhó chomh maith.

Tá an figiúr sin €10,000 in aghaidh na seachtaine ag cruthú miotais go mbeadh sé ró chostasach nuachtán a chlóbhuaileadh, rud a chreideann go leor leor iriseoirí ag an bpoinnte seo, is cosúil. Bhí an rud céanna á rá aimsir feachtas na teilfíse, sé sin go gcosnódh sé an iomarca: b'shin an leithscéal a bhí ag rialtas Haughey ar feadh i bhfad gan tada a dhéanamh faoi.

Óna praghasanna atá cloiste agam creidimse go bhféadfaí nuachtán a chlóbhuaileadh ar chomhchaighdeán le Gaelscéal ar thart ar €1 an chóip. Níor cheart go mbeadh sin mar bhac ar na foilsitheoirí nua an nuachtán seachtainiúl Ghaeilge a chur ar fáil i bhfoirm clóite dona léitheoirí a mb'fhearr leo é sin: smaoinigh i bpróiséas comhairleacháin Fhoras na Gaeilge faoin gceist gur roghnaigh 75% dena freagróirí nuachtán chlóite de chineál éicint nó meascán den dá rud, clóite agus ar líne.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 11 Nollaig 2013, 14:08 GMT
Ritheann sé liom gurb é an dream is éasca acu an teicneolaíocht fhorásach is lú léamh nuachtán
tabhair freagratabhair freagra #6 Donncha 11 Nollaig 2013, 17:13 GMT
Seans go bhfuil an cheart a't, Fearn, agus is ag iarraidh freastal ar an dream sin atá Foras na Gaeilge, ní ar an dream a léann nuachtán!
tabhair freagratabhair freagra #7 Concubhar Ó Liatháin 15 Nollaig 2013, 12:23 GMT
Ní doigh liom go bhfuil Donncha ag maireachtain sa bhfíor shaol in aon chorr. Má cheapann sé nach gocosnódh sé €10,000 in aghaidh na seachtaine Gaelscéal a chló. Ní mór a chur san áireamh freisin má chlóbhuailtear nuachtán go gcaithfear é a dháileadh. Ar fuaid na tíre thuaidh is theas. De réir an fhoráil atá ag Foras na Gaeilge sa treoir do na h-iarratasóirí don chonradh nua, is rogha breise é coip crua a chur ar fáil agus ní hionann sin agus roinnt míle coip den 'nuachtán' nua a chló. Is mise duine de na daoine a chaith go leor de mo shaol oibre ag obair go dian ar son nuachtán chlóite agus is go trom chroíoch a deirim go bhfuil an ré sin caite.
Maidir le cúrsaí ilmheáin is mar sin de, is doigh liom gur cheart díriú ar ábhar den scoth a chur ar fáil le léamh agus sa chás go bhfuil sé éasca agus áisiúil corr phíosa ilmheáin ach i bhfirinne creidim go bhfuil go leor ábhar físe is fuaime ann cheana féin.
tabhair freagratabhair freagra #8 Donncha 19 Nollaig 2013, 15:38 GMT
Tá an tuairisc chríochnúil ar an anailís a deineadh ar thorthaí an phróisís chomhairliúcháin maidir leis an nuachtán Gaeilge ar fáil anois ar shuíomh idirlíon Fhoras na Gaeilge ó inné (18 Nollaig). Tugtar le fios sa tuarascáil, atá curtha le chéile ag Regina Uí Chollatáin agus Róísín Ní Mhaolchallann, nach bhfuil ach 17%, nó duine as gach seisear, ar son nuachtán seachtainiúil ar líne amháin. Tá 43% ar son nuachtán náisiúnta clóite agus 24% ar son meascán den dá rud. Sa tuarascáil tugadh le fios go mbeadh 85% sásta íoc as nuachtán Gaeilge.

Sa chonchlúid deirtear go bhfuil sé ‘róluath le bheith ag dul i dtreo an idirlín amháin’ agus go mba mhaith le pobal na Gaeilge ‘go mbeadh nuachtán clóite ar fáil’ chomh maith le nuachtán ar líne.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!