Táid ann a mhaíonn go bhfuil cásanna áirithe ann atá inghlactha le haghaidh ginmhillte agus nach bhfuil ann ach réasúnachas agus san am céanna ag maíomh gur ar son na beatha iad. Leisciúlacht intleachta, cladhaireachta in aghaidh réadúlachta, agus éalú freagrachta a bhíonn ar siúl acu. Cad chuige go mbeadh ceart gine chun fanacht beo ag brath ar aois na máithreach? Níl aon substaint leis an argóint go mbíonn gin ag brath ar chorp na máithreach chun fanacht beo mar leithscéal 'rogha' a thabhairt don bhean a bhroinn a iompú ina láthair éaga seachas beatha. Is beag iad líon na bpáistí nach mbraitheann ar thuismitheoirí nó duine fásta éigin le go dtiocfaidís slán ó chontúirtí agus dúshláin an tsaoil. Dar ndóigh is beag duine fásta sa ghlúin seo a n-éireodh leo a mbeatha a thabhairt slán ó lá go lá ach sochaí a bheith ann agus comhar ar fáil le haghaidh gach ruda, teas, bia, uisce, dídeán, slándáil srl srl srl. Ní leithscéal é éigniú duine tríú páirtí a chur chun báis d'aineoinn an cruachás a cheanglaítear ar an mbean sin ina aghaidh a tola anuas ar an gcéad ionsaí. Gabh siar fada go leor blianta i stair do mhuintir féin agus dá bhféadfaí teacht ar an eolas bí cinnte go raibh bean bhocht i stair gach aon duine againn, neart acu ar feadh na gcéadta bliana, cé muidne íospartaigh chruthaitheacht na beatha a dhaoradh chun báis. Ní leithscéal é le haghaidh ginmhillte tráth nach féidir le gin maireachtáil i bhfad a chur chun báis go luath, cad chuige a dhéanfaí sin, an ea nach bhfaighfidh an mháthair luach a saothair? páiste breá folláin i gcomaoin naoi mí, táirge breá luachmhar, bábóg/bréagán nua an ea? cén saghas magaidh a dhéantar de choincheap na tuismitheoireachta, grá gan chúiteamh, má cheanglaímid fad beatha le ceart chun fanacht i do bheatha go dtí bun an angair. Gach aon tuismitheoir amuigh ansin a chasann Mozart agus eile dá leanbh sa bhroinn, an grá a léirítear, na rudaí a deirtear, na hamhráin a chantar.....cuir i ngéill an ea?, níl ann ach infheistíocht sa todhchaí agus faic eile. Dar liom más ann neach a mbeidh a s(h)eal ar an saol seo le bheith gearr, is mó a dteidlíocht don ghrá, ní scian sa mhuinéal nó deireadh níos fuilltí.....nó an barbarthaigh amach is amach sinn? Dualgas atá sa tuismitheoireacht, is cuma an t-ualach, is cuma pé cúis a thionscain an dualgas sin, dualgas nach mbíonn faoi réir ag 'rogha' atá i dtuismitheoireacht. Bí cinnte de, is mó an t-éagóir na mílte cailíní a gcuirfear brú orthu a bheith éignithe don dara uair ag scian nó folúsghlantóir ná an mionlach a mbíonn dualgas na maighdine muire féin gearrtha orthu (is cuma scéalta creidimh a bheith fíor nó a mhalairt). Is measa toradh ginmhillte ná toradh éignithe, toradh de thoircheas neamhbheartaithe, ná toradh tragóide a tharlaíonn d'aineoinn grá, comhair agus dínite. Agus na mílte gamail amuigh ansin a cheiliúrann an deis bunphrionsabal na heaglasta náirithe a bhí ag cuid mhaith againn a iompú bun ós cionn gan smaoineamh go domhain ar na himpleachtaí fágfaidh mé le focail (más buan mo chuimhne) ón bhFear Síoraí sin sa Spéir a shiúil inar measc tráth dar le 'daoine le Dia' agus gealt eile, "Ní leor a bheith deas dóibh siúd a bhfuil cion agat orthu, nó nach dtugann fiú nathair gach rud maith dá shliocht, deirim leat bí deas dóibh nach dteatnaíonn leat, iompaigh do chros agus lean orm" nó focail éigin chun na héifeachta sin....ach má thugann nathair fiú gach rud maith dá shliocht cad sa deabhal atá i sibhialtacht an lae inniu más é an ginmhilleadh a dtabharfaimis féin, beag beann ar fhírinneacht an chreidimh sin?
"An fhadhb", muis!! Ní hé, ach is comhchearta bun ár ndaonlathas
@ Téann sé in aghaidh gach réasúnaíocht daonna, go mbeadh comhcheart ag an ubh, nó an ghin, atá i dtús a fáis sa bhroinn le máthair na broinne sin ar a bhfuil an ghin ag brath le bheith beo.
Is de substaint a chomhábhair
@Níl aon amhras faoi ach gur deineadh éagoir uafásach ar an gcailín óg sin, a bhí ag iompar linbh tar éis a bheith éignithe, nuair a diúltaíodh cead di an tír a fhágáil leis an ngin ina broinn a mhilleadh
Sílim, slán an tsamhail, gur de dheasca an éignithe a rinneadh an "éagóir uafásach". Tá cailín i Sile a bhí 13 nuair a rinneadh éigniú uirthi, Dia idir sin is an anachain, agus a shocraigh ina hintinn breith a thabhairt don ghin. Ní léir di go bhfuil an darna "éagóir uafásach" uirthi.
Aon seans go bhfuil clár oibre eile ag Donncha seachas éagóracha a chuir ar cheal?