Ceart agat, Fearn bhí 200+ scoileanna a bhí ag feidhmiú (i bpáirt nó go hiomlán) trí Ghaeilge nuair a bunaíodh an Saorstát. Ó bhí 2009 ann níor bunaíodh ach dhá ghaelscoil ó dheas den teorainn agus ceann acu b'shin de dheasca gur bunaíodh í ag an bpobal in ainneoin an státchóras agus gan aitheantas (dhún an scoil agus d'oscail sé arís le haitheantas faoi ainm eile tar éis bliana). Tá gaelscoil amháin eile le bunú i mbliana sna 26 Co. in ainneoin fás as cuimse sna Naíonraí sa limistéar céanna (c50 Naíonraí nua le 3 bliana anuas). Ní déarfainn go bhfuil borradh ar an nGaeloideachas ach borradh ar an éileamh (agus ar an soláthar sna luathbhlianta) ach srian ar an soláthar sna bun- agus meánleibhéil.
Chonaic mé figiúir go raibh i bhfad níos mó scoltacha Gaeilge in Éirinn sna blianta 1920, ach gur thit an córas as a chéile, diaidh ar ndiaidh.
An bhfuil fís agus acmhainn i réim anois, nó an gnáthghaofaireacht?