Tugaim faoi ndeara gur tugadh treoir do RTÉ Scéim Teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm faoi 04/04/10. Níl sin déanta. Bfhéidir gur cheart don Choimisinéir Teanga an chás a scrúdú.
> Tugaim faoi ndeara gur tugadh treoir do RTÉ Scéim Teanga a ullmhú agus a > chur i bhfeidhm faoi 04/04/10. Níl sin déanta. Bfhéidir gur cheart don > Choimisinéir Teanga an chás a scrúdú. Ós rud é nár daingníodh é (agus ar an Roinn Deontais bheaga an fhreagracht faoi sin) níl cumhacht aige faic a dhéanamh.
Níl sé ró dheireannach. Bhí na haighneachtaí ceapaithe a bheith ag RTÉ ar an 7ú lá. Rinne Nuacht TG4 fiosrú le RTÉ ar an lá sin agus dúradh go raibh síneadh ama coicíse á thabhairt leis na aighneachtaí a sheoladh ar aghaidh. Is ceart iad a chur ag 'teanga@rte.ie' roimh an 21ú lá.
Alt maith cinnte ach níl a ndóthain béime ar an mbealach gur bealach éalaithe ag RTÉ é. Déanfar an méid Gaeilge a chiorrú roinnt maith agus déarfar go ndeachaigh siad i gcomhairle an phobail. Mo náire iad istigh ann. Is cinnte nach leor an uair an chloig le 'réimse cuimsitheach clár Gaeilge’ a sholáthar do réir Alt 114 den Acht Craolacháin, agus ar an mbonn sin ba chóir cur in agahidh a n-iarrachtaí caolaithe/ciorraithe gan mhoill.
Cad a deantar i gCanada?Cuirtear iachall ar an Rialtas am a thabhairt don mion Teanga. Ma ta an Stait ag deanamh beag is fiu den Gaeilge ,ta an chuirt san Europe abalta a ladhar a cur isteach san sceal!
Maidir le 'straitéis RTÉ i leith na Gaeilge', ní raibh a leithéid riamh ann, ach 'an rud is lú a choiméadfaidh gadhair fiaidh na teangan, an cleas polaitiúil agus an pobal i gcoitinne ina suan.'
Pat
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!