« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #3 Seán 2 Samhain 2012, 22:46 GMT
Fidelma Healy Rae!
tabhair freagratabhair freagra #4 Brian Mac a' Bhaird 10 Samhain 2012, 15:24 GMT
A Bhreandáin,

An dtiocfadh leat iarraidh ar TG4 gan fo-theidil a úsáid as seo amach? Tá borradh agus fás na Gaeilge á milleadh acu.

Brian
tabhair freagratabhair freagra #5 M Uí Leathlobhair 14 Samhain 2012, 08:54 GMT
Seo anailís an-ghéarchúiseach agus tuisceanach. Tugann sé freagra ar na 'begrudgers' ach aithníonn sé freisin go bhfuil cúlu eacnamaíochta ann agus go gcaithfear giorraithe a dhéanamh in earnáil na Gaeilge chomh maith le gach earnáil eile. Go raibh maith agaibh
tabhair freagratabhair freagra #6 Diarmuid 14 Samhain 2012, 22:12 GMT
Leath búséid Ud na G ag gul i gcomhair pensions!
tabhair freagratabhair freagra #7 Harpic 15 Samhain 2012, 09:10 GMT
Is ea a Dhiarmuid. Tá gravy train na Gaeltachta beo beathaíoch
tabhair freagratabhair freagra #8 An Grianach 15 Samhain 2012, 17:10 GMT
Diarmuid, a chara, ní thig leat gach rud a chloiseann tú sna meáin a chreidbheáil
tabhair freagratabhair freagra #9 An Grianach 15 Samhain 2012, 17:12 GMT
Alt iontach a Bhreandáin, an ceann is fearr a léigh mé le tamall.
tabhair freagratabhair freagra #10 Sean Q 16 Samhain 2012, 23:49 GMT
cloistear geonail na ngaeltachtai de shior agus an ghaeilge ag meath la i ndiaidh lae. caithfear glacadh nach ar dheontaisi /​campai samhraidh a fhasfaidh beatha na teanga sna gaeltachtai ach ar thoil na ndaoine. is ar nos an paiste loite ata cuid de na heagrais ghaeilge ag lorg gach achmhainn gAn cur leis. Gan
Toradh ar bith
tabhair freagratabhair freagra #11 Mí-shona 17 Samhain 2012, 14:27 GMT
Is fíor dhuit a Sheán Q. (An bhfuil tú i Muinseó dála an scéil?) Tá muintir na GAelachta agus na GAeilge loite ag airgead agus gan aon toradh air. Mór an peaca nár cuireadh an Samhail Nua Maoinithe i bhfeidhm. An bhfuil sé ródhéanach é sin a dhéanamh
tabhair freagratabhair freagra #12 S Ní C 17 Samhain 2012, 18:24 GMT
A Ghrianaigh, Ní sna meáin amháin atá an scéal seo ach ag polaiticeoirí leis. Féach an preasráiteas thíos ón Seanadóir Ó Clochartaigh. An bhfuil an ceart aige a Ghrianaigh?

Preas Ráiteas

Leath bhuiséad an Údaráis dhá chaitheamh ar phinsin iar-fhostaithe – Ó Clochartaigh

‘Tá sé dochreidte go bhfuil leath de bhuiséad reatha Údarás na Gaeltachta dhá chaitheamh ar iar-fhostaithe’, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Tháinig an t-eolas seo chun solais ag comhchoiste Oireachtais inniu, nuair a bhí na hAirí Jimmy Deenihan agus Dinny McGinley ag freagairt ceisteanna maidir le caiteachas na Roinne Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta. I bhfreagra don Seanadóir as Gaillimh Thiar dhearbhaigh an tAire Stáit, as buiséad reatha de €9.8m i 2012 gur caitheadh €4.3m ar íocaíochtaí pinsin d’iarfhostaithe.

‘Beag nar thit mé don chathaoir nuair a chuala mé go bhfuil beagnach leath don chaiteachas reatha ag dul ar íocaíochtaí do 136 duine nach bhfuil ag obair san Údarás níos mó. Ardaíonn sé seo ceisteanna go leor maidir le cé na rátaí pinsin atá dhá íoc, cé dó agus cé mhéad eagras Stáit eile a bhfuil sé seo ag tarlú ann. Cuireann sé na buiséad as riocht. Ní iontas nach bhfuil an tÚdarás ábalta feidhmiú níos éifeachtaí. Tá an Rialtas ag rá go bhfuil €9.8m dhá chaitheamh ar ghnóthaí Gaeltachta faoin Údarás, ach le fírinne níl dhá chaitheamh ach tuairim leath dó sin. Beidh mé ag lorg briseadh sios níos cruinne ar an gcaiteachas ollmhór seo’, a deir Ó Clochartaigh.

‘Tagann seo sa bhreis ar an eolas a tugadh gur déanadh gearradh siar 68% ar an gcaiteachas ar ghnóthaí Gaeltachta & oileánda faoin Roinn idir 2008 agus 2012. Tá seo éagóireach dar liom, mar nár gearradh siar buiséid eile ar an ráta ceanna. Ní féidir glacadh le tuilleadh ciorruithe san earnáil seo i bhfianaise an eolas seo’, a deir Seanadóir Shinn Féin, ‘mar go bhfuil ualach go leor dhá n-iompar ag pobal na Gaeilge & na Gaeltachta as ucht peacaí na mbainceirí’.

D’iarr an Seanadóir freisin ar na hAirí dearbhú go gcoinneofaí seirbhís aerthaisteal chuig oileáin Árainn, ach ní dhéanfaidís sin ach an oiread. ‘Dúirt siad freisin go bhfuil €3m dhá chaitheamh ar an Scéim Tacaíochta Teaghlaigh, ach is léir nach bhfuil seo fíor mar nach bhfuil ach 300 duine tar éis glacadh leis na pacáisti eolais a chuirtear ar fáil faoin scéim agus go bhfuiltear ag íoc as scéimeanna agus tograí eile as an gciste seo agus ag cur ciorruithe i bhfolach’, dar leis an gClochartach.

‘Tá an Rialtas seo ag déanamh dochar as cuímse do shaol agus todhchaí na Gaeltachta leis na ciorruithe atá siad ag déanamh ar na buiséid. Bíonn finscéalta dhá chraobhscaoileadh go bhfuil flúirse airgid dhá chaitheamh ar an nGaeltacht, ach léiríonn an t-eolas seo nach bhfuil an t-airgead atá ar fáil ag dul chomh fada leis na pobail ina dteastaíonn sé’, a deir Trevor Ó Clochartaigh.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!