An t-aon fhreagra atá agam ar an tuairisceoireacht ar fad faoi fhás na bPolannach in Éirinn ná: so what? Ní hí Éire an t-aon tír ar domhan a bhfuil mionlach mór Polannach inti. Is siúlach an náisiún iad -- dála na nÉireannach féin.
San aimsir a caitheadh bhí an Ghaeilge le cloisteáil i neart sráideanna i Lancashire agus Lanarkshire. Agus pubanna áirithe "beo" léi. Bhí macalla na nGael i garrantaí Lincolnshire agus duganna Nua Eabhrac. Agus céard a tharla di? An rud ceanann céanna a dtarlófar i gceann scór bliana don Pholainnais in Éirinn.
tabhair freagra
#4
Conchubhar Ó Dálaigh27 Aibreán 2012, 15:52 GMT
Aontaím le Donncha gur chóir dúinn a bheith cúramach agus muid ag tabhairt míniú ar an bhféinmheastóireacht atá á déanamh sa Daonáirimh maidir le “Gaeilgeoirí laethúla” srl. Más rud é go dúirt me cúpla abairt i nGaeilge le mo mhuintir ar mo bhealach amach ar maidin, ach ansin lean orm leis an mBéarla ar feadh an lae go léir ina dhiaidh sin, an gciallaíonn sé sin gur “cainteoir laethúil Gaeilge” ar an lá sin mé? Is dócha, go gciallaíonn. Ach más é, is beag an chiall atá leis sin. Is matán í an teanga. Mura n-úsáidtear í, cailltear í. Ní leor é, dar liomsa, an iliomad “abairt amháin in aghaidh an lae”, nó “cúpla abairt in aghaidh na seachtaine” a chomhaireamh chun measúnú cheart a thabhairt ar úsáid na Gaeilge i measc an daonra. Táimid ag cur dallamullóg orainn féin. Caithfear ‘dlús’ agus ‘cáilíocht’ na cumarsáide a thabhairt san áireamh, ar shlí éigin – cé go mbíonn sé deacair, tá a fhios agam, na saintréithe úd a mheas. Maidir leis an moladh go mbeadh “250,000 Gaeilgeoir rialta (á úsáid go seachtainiúil ar a laghad)” mar slat tomhais don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – bhuel tá an sprioc sin insroichte, cinnte. Ach an bhfuil aon chiall ag baint leis? Ar cheart dúinn a bheidh bródúil as an toradh sin?