Nuair a scríobh Niamh Puirséil leabhar ar Pháirtí an Lucht Oibre, roghnaigh sí tosnú ag 1922. Is léir gur de bhunadh an tSaorstáit an páirtí atá ann ó shin. Mar a deir tú a Dhonncha, níl mórán nasc idir an páirtí atá i gcomhrialtas le Fine Gael faoi láthair agus an páirtí a mhol an Lorcánach agus an Conghaileach céad bliain ó shin. Faraor, bhí Séamus Ó Conghaile ina chónaí i mBéal Feirste ag an am, mar sin ní bheadh cead aige bheith ina bhall fiú de Pháirtí "an Lucht Oibre" atá ann inniu.