Tá an t-iriseor seo ag druidim le heithne na ceiste ceart go leor .i. go bhfuil rith an achair ag toicithe in Éirinn, geilleagar oscailte gan rialacha agus gan mhisneach nó mhian ag lucht rialacháin srian a chur leis ar eagla go mbeadh an tsrian curtha ar a gcuid scéimeanna fhéin. Níl Sóisialachas i réim, agus is cuma le gach duine, go háirithe lucht guthaíochta a d'fhéadfadh athrú a chur ar chúrsaí ach a bhfuil ina suí ina bhfuarchúis.