tabhair freagratabhair freagra #1 An Cainteoir Dóchais 7 Meán Fómhair 2011, 23:14 GMT
Seo ábhar spéisiůil arbh fhéidir alt fiůntach meabhrach eolasach a scríobh faoi. Faraor, ní hé seo an t-alt.
tabhair freagratabhair freagra #2 Niall na Naoi bPiontaí 14 Meán Fómhair 2011, 11:58 GMT
Cad í an fhírinne, más ea, a chara?
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 15 Meán Fómhair 2011, 12:30 GMT
A Ruairí,
Tá na Gaeil in éad le polasaí teanga na Breataine Bige, agus díogras orthu a fháil amach cad émar a dhéanann an Breatnach é. Ná ceil an fháisnéis seo orainn.
tabhair freagratabhair freagra #4 Rory Francis 15 Meán Fómhair 2011, 19:26 GMT
Tá brón orm, a Cainteoir Dóchais, nach alt fiúntach meabhrach eolasach é seo, i do barúil. Shíl mé go mbeadh suim ag léitheoirí Bheo san scéal. Agus bhí mé ag súil nach mbeadh mórán de léitheoirí Bheo tar éis chloisteal fúithi cheana fhéin.

A Fearn, caithfidh mé rá go dtaispeánann an scéal seo nach bhfuil cainteoirí na Breatnais cho cumhachtach sin, leis go bhfuil páirtithe polaitíochta na tíre deonach ríomhaire úsáid chun taifead an tionóil a ullmhú! Tá fadhbanna againn freisin anois leis go bhfuil an rialtas i Londain a gearradh airgid S4C, teilifís na Breatnais, go mór.

Ach sa bhliain 1999, agus pobal na Breatain Bige tar éis vótáil chun tionól a chur ar bun, agus dlí na tíre ag rá nár mór do eagraíochtaí stáit dul i ngleic leis an dá theanga ar bhun comhionannais, chinn ceannairí na tíre a an rud ceart a dhéanamh a thaobh na teanga de, i mo bharúil fhéin. Tá súil agam go leanfar ar aghaidh le aistriúchán o Bhreatnais go Béarla agus droim ar ais. Is na haistritheoirí fhéin a shocroidh conas a dhéanfar é so. Ach, bainfidh na polaiteoirí úsáid as Google Translate chun an costas an a coimead shios.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 16 Meán Fómhair 2011, 12:50 GMT
Cinnte, a Ruairí, níor mheas mé go raibh rith an achair ag lucht na Breatnaise, ach, i ndiaidh sin is uile, tá bainte amach acu nach bhfuil ach ina aisling ag an Gael. Tá an Gael beo ar aislingí, fimínteachtaí agus idéil nach bhfuil an sol mór ag teacht leo.
Ó mo léamh ar staid na Breatnaise, déarfainn go bhfuil fíorchathanna teanga buaite ag an Breatnach...nó an bhfuil??
Lig fios dúinn , a Rúairí!
tabhair freagratabhair freagra #6 Rory Francis 16 Meán Fómhair 2011, 18:40 GMT
Ceart go leor, Fearn. Tá sé fíor a rá, measaim, go bhfuil mórán bainte amach ag lucht na Breatnais in gcoitinne. Is mór an buntáiste é go bhfuil an oiread lucht na Breatnaise ann. Is é sin, cainteoirí dúchais a bhaineann úsáid as an teanga gach lá. Is vótálaí iad agus le sin caithfidh polaiteoirí éisteacht leo.

Ach ma tá an Bhreatnais i staid réasúnta láidir anois, tá sin fíor toisc go raibh lucht na Breatnais deonach an fód a sheasamh air son na teanga thar na mblianta. Agus tá sin ag tarlú inniu fós.
Ma tá suim agat i stair feachtas lucht na Breatnaise chun cearta sibhialta a bhaint amach, tá leabhar den scoth ar fáil saor ‘s an aisce ar an idirlín. ‘Se sin ‘The Welsh extremist’ le Ned Thomas. Is sean leabhar é ach ‘s fiú a léimh. http:/​/​cymdeithas.org/​2011/​05/​18/​the_welsh_extremist_-_ned_thomas_1971.html
tabhair freagratabhair freagra #7 Fearn 17 Meán Fómhair 2011, 17:32 GMT
Go raibh maith agat, a Ruairí.

Cuireadh Gaeilge ar leabhar de chuid Ffred Ffrancis tamall ó shoin, is rinne sé mo shúile dom ó thaobh ghníomhú polaitiúil sa Bhreatain Bheag.

Léifidh mé Ned Thomas
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!