« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #6 April 4 Márta 2011, 17:06 GMT
Vótáil fórmhór de na daoine i Wisconsin do pholaiteoirí ar gheall dóibh go mbeadh laghdú ar chaiteachas chun cáinaisnéise chothrom a chur os á gcomhair gan aon cháin nua ar bith a ghearradh orthu, agus go mbeadh siad ag déanamh á seacht ndícheall chun gnó agus jabanna a tharraingt do Wisconsin.

Vótáil siad ar son na malairte a bhí déanta ag na Daonlathaigh, mar is léir go ndéanann polasaí na heite chlé praiseach cibé cén áit ar bhain muid triall astu.

Daonlathas é sin, nach ea?

Ba cheart do dhaoine ar an eite chlé meas a bheith acu ar mhianta vótóirí Wisconsin, nár cheart? Nach ndúirt siad gur Daonlathas é nuair a bhí siad ag iarraidh ObamaCare, an Financial Reform Bill agus Stimulus Bill i ndiadh Stimulus Bill gan mhaith a shá síos ár scornacha ar leibhéal naisiúnta?

Cén fáth nach mbeadh sé ceart do Gov. Walker an rud céannann céanna a rá is bhí ráite ag Obama ? "I won" "We don't need to hear from you.." agus araile?

Go hairithe mar gheall ar go bhfuil cuid is mó de na "t-léinte óráiste" san "agóid is mó" sin ó gach aon chearn den Mheireceá ach Wisconsin. Ní bheadh sé ceart ná cóir do Walker neamhaird a dhéanamh dá vótóirí féin ar a son. Ní féidir leo vótáil ar a shon nó ina aghaidh ar aon chaoi.

Chomh maith leis sin, cén fáth gur cheart do na státseirbhisigh gan a bheith ag roinnt pian á gcosmhuintir?

DAS:

Bhain Obama leas as titim an gheilleagar a thosaigh i 2007 agus na sreangáin sparáin i lamh na Daonlathaigh sa gCongress ó toghchán 2006.

Agus maidir leis an aisgharm sin, fuair na t-léinte corcra {SEIU} agus go leor unions agus comhlachtaí eile ObamaCare Waiver ó Kathleen Sebulius. Bhí siad ag agoid mar thugs ar son ObamaCare, ach níl siad ag iarraidh úsáide a bhaint as? Cén fáth nach bhfuil siad ag iarraidh leas a bhaint as an Healthcare atá acu anois?
I ndairíre, siad na daoine iad nach raibh ag iarraidh ObamaCare a bheith acu na daoine atá ár rialtas ag brú Obamacare orthu! Is rud aiféiseach é sin!

Ó..Agus tá a fhios ag gach aon uile dhuine, tá na FleeBaggers i Rockford, IL.
tabhair freagratabhair freagra #7 Liam_McGonagle 4 Márta 2011, 19:06 GMT
Cá mhéad jabanna a chruthaigh Walker go n-uige?

http:/​/​dystopiadiaries.blogspot.com/​2010/​11/​headless-deer-turning-up-in.html

Cá mhéad jabanna a mbeidh cruthaithe agus Walker ag “laying off” 1,500 múinteoiri?

http:/​/​www.620wtmj.com/​local/​117391158.html

Ach níor luaigh Walker faic faoi na fiacla a bhaint dena ceardchumainn agus é ar an fheachtas toghcháin.

http:/​/​www.usnews.com/​opinion/​blogs/​robert-schlesinger/​2011/​02/​28/​wisconsin-gov-scott-walker-didnt-campaign-on-union-busting

Tá beagnach dá thrian den phobal ag cur in éadan na bpolasaithe seo Walker.

http:/​/​thehill.com/​blogs/​blog-briefing-room/​news/​146645-poll-most-americans-oppose-main-part-of-wisconsin-labor-reform

Agus tá líon mór mhuintir Mheiriceá báiúil d'ardú cánach ar lucht an tsaibhris.

http:/​/​www.physorg.com/​news/​2011-03-priorities-differ-house-obama.html

Déanta na fírinne, tá lucht an tsaibhris ag íoc an mheid is lú cánach agus a d’íoc siad am ar bith tar éis an Dara Chogaidh Domhanda.

http:/​/​dystopiadiaries.blogspot.com/​2010/​12/​whats-difference-between-greatest.html

Tá April ag iarraidh muid a chur ar strae. Ní féidir le héinne cacamas de shórt April a scríobh gan dímheas don fhírinne nó alpa móir d'aineolas.
tabhair freagratabhair freagra #8 April 5 Márta 2011, 17:39 GMT
Is é an jab atá ag Walker ná gobharnóir. An gceapfá go mbeidh sé i mbun gach aon ghnó i Wisconsin? Ní féidir leis jabanna a chruthú. Sin é rud a dhéanann comhlachtaí atá ag iarraidh seirbhisí nó éarraí mar ríomhairí, agus glasraí agus fónanna a chur ar fáil dúinn.
Is féidir leis iad a tharraingt chun gnó a chur ar bun i Wisconsin le cánacha níos isle agus saoirse ó reachtaíocht aiféiseach. Ach sin é.

Ná déan dearmad gur coras é rialtas, agus polaiteoirí ina bhun. Níl aon airgead ar bith ag rialtas, nach raibh againne cheana féin mar saoranaithe.

Mura bhfuil airgead ag saoranaithe do stát, phoblacht nó náisiún, ní féidir leis an rialtas airgead a bhaint dóibh chun statséirbhisigh mar mhúinteoirí i scoileannaí póiblí a íoc.

Agus ní féidir an fhadbh a réiteach le airgead "lucht an tsaibhris". Roimh an gcúlú, bhí daoine saibhre 5% den dhaonra i Meiriceá. Chuala mé féin go bhfuil siad 2% anois thar éis an chúlú. Ní dóigh liom go bhfuil cuid is mó acu iná gcónaí i Wisconsin {atá i bhfiaca go géar}. Ní féidir le daoine saibhre íoc as an gcaiteachas. Mar sin, tá muid ag caint faoi cánacha a ardú ar dhaoine sa meán-aicme agus an aicme oibre chun íoc as státséirbhisigh agus caiteachas eile an stáit. Daoine atá ag fulaingt faoi láthair.

Ach níl aon iontas ar bith go bhfuil daoine "báúil d'ardú cánach ar lucht an tsaibhris", ann nó as. Ó Aibreán 2010 , níl 47% de dhaoine i Meiriceá ag íoc cáin "income" ar bith, agus líon na ndaoine sin ag ardú. Chomh maith leis sin, tá níos lú postanna príobhaideacha agus níos mó jabanna poiblí.

Ach is cuma. An mbeadh sé ceart cead a thabhairt d'fhear mná a éagnú mar go mbeadh cuid is mó den phobal "báúil de" i bpobalbreith?
An bhfuil an tsaint is measa, ag iarraigh rud nach bhfuil saothraithe ná tuillte agat, ceart go leor mar gheall go bhfuil cuid is mó de daoine "báuil de"? An bhfuil gadaíocht ceart go leor anois, mar sin?

Agus na bí ag cur bréag agus aineolas i mo leith. Leigh mé féin an bille {JR1SB-11}, agus tá mo thuarímí bunaithe ar an mbunfhoinse sin. Ní chuirfinn féin "union busting" air.

Seo é an bille é féin..http:/​/​legis.wisconsin.gov/​JR1SB-11.pdf : )
tabhair freagratabhair freagra #9 Liam_McGonagle 5 Márta 2011, 21:42 GMT
Is léir nach raibh April riamh in Wisconsin. Agus is léir nach bhfuil eolas ar bith aici faoin dlí, faoin mhoráltacht na faoin eacnamaíocht ach a oiread.

1. Ní “mar chuid da jab” é union busting. Ní hamhain nár luaigh Walker faic faoi ar an fheachtas toghcháin, ach tá liosta fada da choireanna i gcoinne na bunreachta Wisconsin ag fás . . .

http:/​/​www.huffingtonpost.com/​mary-bottari/​scott-walker-down-the-rat_b_831386.html

http:/​/​www.postcrescent.com/​article/​20110304/​APC0101/​303050025/​Wisconsin-Capitol-Madison-open-restrictions

2. Deir an t-Ardeaspag Listecki gur mímhorálta an rud é cearta margaidh a bhaint dena ceardchumainn . . .

http:/​/​media.journalinteractive.com/​documents/​02.16.11+Archbishop+letter.pdf

3. Cá mhéad daoine a mbeadh tarrangaithe go dtí stát nach bhfuil scoileanna iontu? An molfá Somalia mar mhúnla ceart do Wisconsin?

http:/​/​www.salon.com/​news/​feature/​2011/​03/​04/​walker_teacher_layoffs_wisconsin

4. Agus mas mian leat plé faoin bhuiséid, an dóigh leat go gcuirfi feabhas ar an chás le beagnach $60 million in ioncam a thabhairt amach gan mhaith ACHAN bhliain?

http:/​/​dystopiadiaries.blogspot.com/​2011/​02/​back-to-dystopian-future-scott-walkers.html

Féach nóta #2 go hairithe. Caithfidh duine a bheith ina ‘college dropout’ le straitéis mar sin a mholadh . . .

Mar a dúirt me, is léir nach raibh April riamh in Wisconsin agus is léir freisin nach dtuigeann sí cad é atá ar siúl anseo.

Agus maidir le bréagacht an chacamais de chuid April, bhuel, b’fhearr liom a chreideabháil gur aineolas is chúis lena síor-bhotúin , ach ma tá sí seasmhach faoin phointe sin. . .
tabhair freagratabhair freagra #10 April 6 Márta 2011, 14:16 GMT
Tá an oiread sin feirge ortsa a Liam! Tarraing d'anáil agus bíodh cupán tae deas agat.

Anois, cén síorbhotúin? Bréag? Nar thug tú féin faoi déara nach raibh ceann ar bith faite agat i mo theachtaireachtaí?

Níl sé ceart ná cóir rud a rá ná a chur i mo leith nach bhfuil fíor. Ba cheart dhuit meas a bheith agat ar an bhfírinne, nárbh ea?
tabhair freagratabhair freagra #11 Liam_McGonagle 6 Márta 2011, 19:05 GMT
http:/​/​blogs.forbes.com/​rickungar/​2011/​03/​04/​gov-scott-walker-has-lost-the-war/​

agoa!

Ach bíodh aire ort: Níl insan fhoireann “Forbes” ach paca fiáin ‘hippies’!
tabhair freagratabhair freagra #12 Harp 6 Márta 2011, 20:11 GMT
A chairde
Ceardchumainn in Whizzconsin agus ina stáit go léir:

Níl ann ach go bhfuil ré an lón saor in aisce thart!!
Tá na fiacha le híoc agus caithfidh gach aon duine a chion a íoc!
tabhair freagratabhair freagra #13 Liam_McGonagle 9 Márta 2011, 16:47 GMT
Wrap it up, Scotty boy! Tá tú CRÍOCHNAITHE!

http:/​/​election2010.illumen.org/​latest-news/​e-mails-reveal-possible-walker-concessions-on-union-bill

Chaith sé gan mhaith cheana féin níos mó airgid ar ‘overtime’ dona gardaí ná atá a iarraidh ag na unions le ‘collective bargaining’. Caithfidh duine inteacht cuing na freagrachta airgeadais a chur ar an bhuachaill sin.
tabhair freagratabhair freagra #14 Seosamh Mac Muirí 10 Márta 2011, 10:54 GMT
tabhair freagratabhair freagra #15 Liam_McGonagle 10 Márta 2011, 19:29 GMT
Grmma, a Sheosaimh.

Tá sin baileach atá ag titim amach romhainn faoi láthair in Madison. Rinne Scott Fitzgerald cleas aréir leis an bhille chun ceardchumainn a mheilt go deo ar son “réiteach le géarchéime airgeadais", cé go bhfuil na Poblachtanaithe sásta a bheith ag caitheamh níos mó airgid gan súil le cúiteamh--$250k ar son gardai in Milwaukee, gan an chuid eile den stat a chur san aireamh!

http:/​/​dystopiadiaries.blogspot.com/​2011/​03/​what-if-they-held-civil-war-and.html
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!