tabhair freagratabhair freagra #1 Ger 3 Eanáir 2011, 17:53 GMT
Suimiúil...An raibh na Sasanaigh ag diúltú litreacha a thabhairt go dtí seoltaí i dteangacha eile..an Ioruas cur i gcás? Nó an raibh an ceart ag Cumann na Logainmneacha gur ionsaí ar neamhspleáchas na tíre seo a bhí ann?
tabhair freagratabhair freagra #2 Cáit Mhainistir na Corrann 4 Eanáir 2011, 09:29 GMT
Tá alt ag Harry McGee i Times an lae inniu go bhfuil an rialtas le 'córas cód-uimhríochta' a thabhairt isteach sa tír seo. Cad é sin faoi muillte Dé?
tabhair freagratabhair freagra #3 Olaf 4 Eanáir 2011, 15:02 GMT
Ní hiad na Sasanaigh amháin a dhiúltaíonn litreacha le seoltaí i nGaeilge a thabhairt ar láimh. Nach bhfuil An Post á dhéanamh le fada
tabhair freagratabhair freagra #4 Olaf 4 Eanáir 2011, 18:12 GMT
Ní dócha go raibh Gaoluinn ag 'Pádraig Fear an Phoist'
tabhair freagratabhair freagra #5 Greavsie 5 Eanáir 2011, 11:05 GMT
Do léas altanna McGee agus Delap. Nár chóir go mbeadh ábhair níos tromchúisí ná seoltaí Gaelacha ag cur as d'iriseoirí agus do eagraíochtaí na GAeilge? Meastú?
tabhair freagratabhair freagra #6 Sibéal 5 Eanáir 2011, 18:03 GMT
Ceist urraim agus meas é cinnte.
tabhair freagratabhair freagra #7 Ivan Mac an Gheata 5 Eanáir 2011, 18:06 GMT
Cuirfidh mé geall libh nach gcuirfear cód poist i bhfeidhm ariamh.
tabhair freagratabhair freagra #8 L Mac L 5 Eanáir 2011, 23:08 GMT
Tá tromchúis agus greann in Beo: is breá liom éagsúlacht na hirise. Agus sílim go bhfuil na seoltaí Gaelacha an-tábhachtach. Tugann na logainmneacha léargas dúinn ar an tírdhreach, ar na daoine agus ar a stair. Nuair a chailltear logainmneacha, cailltear cuid dár n-oidhreacht.Ba chóir dúinn úsáid a bhaint astu agus foirmeacha truaillithe gan chiall a sheachaint.
tabhair freagratabhair freagra #9 Ceannabo abú 9 Eanáir 2011, 12:39 GMT
Is maith liom a bheith ag gearáin freisin, ach an uair seo ní féidir liom. Tháinig litir chugam ó Alba cupla seacthain ó shin gan de sheoladh uirthi ach m’ainmse, ainm na sráide agus Éire! Creid é nó ná creid ach ní raibh baile ná contae uirthi. Abair seirbhís.
tabhair freagratabhair freagra #10 Gearóid 18 Eanáir 2011, 09:04 GMT
Tá sé in am deireadh a chur le monoplacht An Post. Gan sin ní bheidh aon fheabhas ar an scéal
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!