Is féidir linn bheith ag cur is ag cúiteamh faoin tSín go dtí go dtiocfaidh na ba abhaile. An t-aon rud atá cinnte ná go bhfuil an-phoitéinseal sa tír. B'fhéidir go mbeidh rath uirthi, b'fhéidir nach mbeidh. Mise, tá mé ag glacadh le comhairle an scríbhneora seo: "lean mian do chroí, bí solúbtha, agus cuir eolas ar theanga na Síne".
Ó is eol domh go bhfuil anailís mar sin as faisean le tamall, ach déarfainn gur baoth dúinn beag a dhéanamh dá shórt. Tá súil agam gur fhoghlaim muid rud inteacht faoi fholláine gheilleagair a bhraitheas rómhór ar chaipitil intleachtach. Níl ní ar bith nios fusa amuigh ná cleas nua a fhoghlaim.
Cuir i gcás teangacha, ar cheann de na gnéithe cultuir is casta ar an domhan. Sciop muintir na hÉireann an Béarla chomh tapaidh gur beag go mbíonn eachtrannaigh ábalta a shamhlú nach teanga dhúchais na hÉireann é. Dar le daoine léannta, meastar gur labharadh formhór an oileáin Gaeilge glúin roimh an Ghorta Mór, ach ag an chéad daonairimh in 1851, laghdaíodh an fhigiur sin go dtí níos lú ná duine as ceathrar. Má’s amhlaidh a bhí i gcás rud chomh lárnach d’anam an Duine le teanga, sula raibh ollmheáin chumarsáide cosuil leis an idirlíon samhlaithe fós, cad é mar nach dtiocfadh le duine rud i bhfad níos simplí mar mhonarcha déantúsaíochta nó dearadh nua ar ghuthán cliste a chur le chéile faoi thréimhse inchurtha?
Agus sna ranganna níos airde teicneolaíochta, a bhraitheas chomh mór sin ar “economies of scale”, bíonn an “critical mass” i bhfad níos lú. Go háirithe nuair nach bhfuil infrastructúr laidir ann cheana le iomaíocht cheart a thabhairt dona gnólachtaí beaga ag fás aníos.
Ara, measaim go mbeidh lámh an uachtair ag an tSín ó thaobh na teicneolaíochta de, ceart go leor. Ach ar chúis eile ar fad: Ós rud é go bhfuil nócha fán gcead (90%) dena miotail riachtanacha i seilbh acu.
Dar ndóigh, b’fhéidir go bhfuilimid araon ar strae an iarraidh seo. Níl stair na teicneolaíochta gan lúb sa chor, tuige. Ó am go chéile tagann máchaill inteacht ar an fhobairt shoineanta sin, gatair thubaisteacha aniar aduaidh gan choinne ar bith. Agus ós rud é go bhfuilimid tar éis bualadh le “peak oil”, caithfidh go mbeidh caiteagoir eile faidhbe ag cur isteach orainn, chan easpa bréagán nuachumtha.