tabhair freagratabhair freagra #1 micheál mac oireachtaigh 4 Lúnasa 2010, 02:30 GMT
Hmm, is brea liom d'altanna go hiondúil, ach táim amhrasach amach is amach faoi teoiricí comhcheilge 9/​11. Is ghráin liom cur iompar na luchtanna chumhachta, san Iosrael agus Stait Aontaithe Meiricea, sa Rúis agus sa Sín freisin. Feicim an sli ina chaitear go dona le daoine bochta an domhan agus ta bá agam le cruachás na Palaistinigh mar shampla. ACH, cad ata tu a rá go díreach anseo? Go bhfuil lámh Iosrael isteach ar beagnach gach rud uafásach? Ceapam fein nach bhfuil ghá le comhcheilg 9/​11 agus nuair a cuireann tu aon creideamh innti, go dtéann sé salach ar inchreidmheach do chás!
tabhair freagratabhair freagra #2 seán mac 5 Lúnasa 2010, 17:06 GMT
tá an t-alt seo cosúil le teoiricí Borat; is rud dainséarach é sceilpín gabhair a dhéanamh de dhream amháin mar fhreagra ar fhadhbanna an domhain go léir; tá neart uafás déanta ag neart stát - bímis á milleadh go léir seachas neamhaird compórdach a dhéanamh agus dul isteach i ndomhan na comheilge
tabhair freagratabhair freagra #3 Eoin Mac an t-saoir 5 Lúnasa 2010, 19:14 GMT
Tá a ndóthain lochtanna ag Rialtas na hIosrael gan amhras. Lochtanna nach mbíonn á bplé i ndáiríre sna meáin chumarsáide i Meiricea. Ní féidir dúnghaois fhollain a chruthú ar easpa eolais dá shórt (e.g., féachaigí ar an tsíorchogaíocht ag ciapadh na hIaráice). Mar is amhlaidh atá, caithfidh fóram a bheith ann do scribhneoirí ar nós an Chathalaigh le go gcuirtear amach scéalta conspóideacha.

Sin ráite, caithfidh gur fíor daoibh sin. Sa deireadh, ní fearg a thabharfas réiteach ach tuiscint. Tá an fhadhb sa chás seo i bhfad níos doimhne ná cé acu a d’fhulaing níos mó, na hIosraeligh ná na Pailistínigh. Sé an cultúr mímhuiníne is cúis leis, agus tá sé fíte fuaite chomh dlúth insna sochaithe sin gur doiligh ruaig a chur air i dtráth cúpla glúnta.

Déarfadh daoine áirithe gurb é an t-Iarthar an Domhain a chuir tús leis an tragóid seo nuair a rinne muid neamhaird ar choireanna na Natsaithe, gur lig muid sé milliún Giúdach leis na bithiúnaigh ba mhó ár n-aoise. Cad é mar a dtiocfadh leo siud a mhairigh GAN dóchas a chur i stát seichteach dá gcuidsean féin?

Déarfadh daoine eile gur seafóid sin mar gur tharla na rudaí sin sula raibh formhór mhuinitir Iosrael an lae atá inniu ann saolaithe féin. Agus is fíor freisin nach síolraionn ach 25% mhuintir Iosrael as sliocht na nAshkenazis. Agus ina meascsan, tá cuid acu ina ‘fundamentalists’ den dian-eite deise—Haredi—nach mbeadh fearadh na fáilte rompu i gceannas rialtais ar bith in Éirinn nó i Meiriceá.

Ach ní thugann sin aghaigh chuí ar fhadhbanna bunúsacha sa chultúr polaitíochta na bPailistíneach ach a oiread. Níl aon thraidisiún láidir acu d’institiúdi neamhspleácha neamhsheicteacha. Bíodh is gur chaith siad a lán céadta faoi chois impireachta eachtrannaí amháin nó deachtóra puipéid eile, diabhal an seans a bhí acu stór d’idéalacha ar nós an “Age of Enlightenment” a chruthú dóibh féin nó a chleachtadh i gceart. Na hinstitiúidi is láidre acu, d’eascair siad as an chreideamh nó as fórsaí míleata ag cur in éadan eachtrannach. An bhfuil ‘comhréiteach’ agus ‘caoinfhulaingt’ sa stór focal dá leithéidí?

Bíonn breis agus a dóthain trioblóidí ag cur isteach ar Fhodhla bhocht leis na céadta bliain. Ach ar a laghad, tá greim dhocht aici ar na hacmhainní cuí chun réiteach a fháil orthu.
tabhair freagratabhair freagra #4 domhnall Ó loingsigh 8 Lúnasa 2010, 20:32 GMT
> tá an t-alt seo cosúil le teoiricí Borat; is rud dainséarach é sceilpín
> gabhair a dhéanamh de dhream amháin mar fhreagra ar fhadhbanna an domhain
> go léir; tá neart uafás déanta ag neart stát - bímis á milleadh go léir
> seachas neamhaird compórdach a dhéanamh agus dul isteach i ndomhan na
> comheilge
tabhair freagratabhair freagra #5 Maidhc Ó Cathail 9 Lúnasa 2010, 19:28 GMT
Go raibh maith agaibh as bhur bhfreagraí.

Caithfidh mé a rá nach bhfuil meas agamsa ar theoricí comhcheilge ach an oiread. Agus má dhéanann sibh bhur gcuid taighde féin, feicfidh sibh nach bhfuil san alt seo ach firicí.
tabhair freagratabhair freagra #6 Eoin Mac an t-saoir 10 Lúnasa 2010, 17:47 GMT
A Mhaidhc,

Má tá an méid suime agat i gcúrsaí Iosraelacha, agus is cóir go mbeadh againn uilig, cad chuige nach scríobhann tú níos mó faoi thógail muiníne trasphobail? Nach sin an rud a thabharfas réiteach?
tabhair freagratabhair freagra #7 Maidhc Ó Cathail 14 Lúnasa 2010, 17:02 GMT
A Eoin,

Ní thabharfaidh faraor. Níl suim dá laghad ag rialtas Iosrael faoi thógail muiníne trasphobail. Níl uathu ach smacht iomlán a bheith acu ar na Pailistínigh. An bhfaca tú Netanyahu ag caint i 2001?

http:/​/​www.youtube.com/​watch?v=qQ2-nPVWFBc
tabhair freagratabhair freagra #8 Eoin Mac an t-saoir 14 Lúnasa 2010, 17:40 GMT
Ó ní easaontóinn leat ar an phointe sin, a Mhaidhc. Ta rudaí chomh holc leis sin ráite ag an taobh eile freisin, áfach. Ach ag deireadh an lae ní leis an rialtas ach an mhuintir atá an chumhacht chun síochána, dá nglacfaidís é.

I mo thuairim féin, tá fadhb i gcoitinne againn mar mhuintirí an domhain, bíodh muid Meiriceánach, Iosraelach nó Pailistíneach fiú: Tá glac ar dhúnghaois ag dianchoimeádaigh. Agus cad iad na huirlisí is mó acu leis an ghlac sin: Faitíos agus Fearg. Tuigeann siad má tá muid faoi chuing mhothúchán dhiúltach, tig leosan an mhuintir a chur in adharca a chéile.

Agus níl aon leigheas ar an ghalar sin ach tuigse cheart. Tuigse ar dhearcadh ár “naimhde” chomh maith le tuigse dháiríre orainne féin.

Nílim ag cur in éadan atá scríofa agat go baileach. Ach déarfainn nach bhfuil sé cuimsitheach go leor. B’éigean dúinn iomlán an scéil a phlé chun teacht ar fhreagra sásúil.
tabhair freagratabhair freagra #9 Riocard Ó Tiarnaigh 18 Lúnasa 2010, 01:18 GMT
A Mhaic, taitníonn d´alt nua liom chomh mór is a dtaitníonn iad go léir. Bhain na hIosraelaigh páirt ar 9/​11. I mo thuairim - agus tá a lán scríobhta dom feín i rith na blianta ar son an t-iris Schattenblick sa Ghearmáin faoi na cúrsaí seo - tá sé sin gan dabht. Cé chomh mór is a bhí sí, sin ceist eile. Measaim gur é an priomhjab a bhí orthu, ná aire a thabhairt de na patsies arabacha. Measaim go mbeadh suim agat ag an t-agallamh fada a rinne mé le David Ray Griffin an bliain seo chaite. Is féidir é a léamh faoi http:/​/​www.tlaxcala.es/​pp.asp?reference=7736&lg=en. Lean ar aghaidh le d´obair maith.
tabhair freagratabhair freagra #10 seán mac 19 Lúnasa 2010, 02:07 GMT
níl aon fhíricí gan léamh an té a chuireann i bhfriotal iad- tá sé sin amhlaidh in alt ar bith agus cur i gcéill, a mhalairt a mhaíomh
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!