152
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Bhí ar Ardeaspag Caitliceach Sydney éirí as a chuid cúraimí le déanaí tar éis d’fhear cur ina leith go ndearna sé ionsaí gnéasach air breis is daichead bliain ó shin. Cúlra an scéil ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Tá lear leabhar curtha amach ag an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh in imeacht na mblianta. Chas Seosamh Mac Muirí leis i gceantar Chathail Bhuí ar bhruach Loch Mac nÉan, i bhFear Manach.
»»»Bhuail Robert McMillen le fear de bhunadh na hAirgintíne is de bhunadh Chlann Mhic Lochlainn Anghaile agus na sean-Mhí. Is é Guillermo Mac Loughlin eagarthóir an nuachtáin La Cruz del Sur, nó Crois an Deiscirt, san Airgintín.
»»»Tá Emer Ní Bhrádaigh den tuairim go bhfuil sé tábhachtach scoláirí tríú leibhéal a ullmhú don saol mór seachas a gcloigeann a líonadh le fíricí.
»»»Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean deitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.
»»»Molann Roseanne Smith don té Smutleabhrach ar mian léi nó leis a bheith feiceálach ann, a bheith go haischlibeach i scríobh na scéalta fógraíochta.
»»»Nuair a thosaigh Ryanair ag díol eitiltí ar an idirlíon i 1999, bhí leisce ar go leor daoine ticéid a cheannach ar líne, ach tá athrú mór tagtha ar chúrsaí ó shin, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Chaith Justine McCarthy tréimhse fhada ag obair mar iriseoir leis an [i]Irish Independent[/i] agus anois tá sí ag feidhmiú mar Leaseagarthóir ar an iris sheachtainiúil, [i]Village[/i]. Labhair sí le hAlan Desmond faoin chaighdeán níos ísle iriseoireachta atá san [i]Independent[/i] anois, dar léi, agus faoi bheith ag obair le Vincent Browne, fear a bhfuil sé mar theist air go bhfuil sé “deacair”.
»»»Is fada sráidbhailte na Gaeltachta ina gcrann taca ag teanga na Gaeilge. Anois, san aon léim amháin, tá caint agus nuacht na nGael i ndiaidh dul i mbéal pobail sráidbhaile eile, is é sin, ‘sráidbhaile an domhain’, mar is minic a thugtar air. Is fada taithí againn gurb iad pobail an Bhéarla agus teangacha domhanda eile amháin a bhíonn ag caint lena chéile trína leithéidí d’ollmheáin fhíse agus leictreonacha ach, le blianta beaga anuas, is suntasach mar atá fáil na mionteangacha ar acmhainní an idirlín imithe i méid agus anois tá an meáisín míorúilteach céanna i ndiaidh sinne, Gaeilgeoirí, a chur faoina chomaoin arís.
»»»Agus Kíla ar camchuairt sna Stáit Aontaithe roimhe seo, bhraitheadh Colm Ó Snodaigh go mbíodh easpa spioradáltachta i gceist. Braitheann sé anois, áfach, go bhfuil an banna réidh lena n-aghaidh a thabhairt ar an tír arís.
»»»Tháinig Lisa Nic an Bhreithimh ar an tuiscint le deireanas go ndéantar saibhreas agus dochar d’aon bhéim amháin i ngnó carthanachta na n-éadaí ar athláimh.
»»»Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.
»»»Gnóthaí geilleagair? Ní hé an dea-scéal atá ag Ciarán Mac Aonghusa dúinn ar ndóigh. Ní hé ‘an bealach seo romhainn’ an bealach ba rogha linn.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.