83
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Chinn An Bord Pleanála ag deireadh mhí an Mheithimh diúltú don chead pleanála le haghaidh líne ardvóltais 110 kV a thógáil trí iarthuaisceart Dhún na nGall, cead a bhí tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall do Bhord Soláthair an Leictreachais (BSL).
»»»Le ceiliúradh a dhéanamh ar bhoinn airgid na hÉireann, nach mbeidh á n-úsáid againn níos mó roimh i bhfad, rinne an t-ealaíontóir Annette Crump rilífeanna bunaithe ar an dearadh atá le feiceáil ar na boinn chopair.
»»»Nuair a thuirling an milliúnaí Meiriceánach Steve Fossett (58) agus a bhalún in iardheisceart Queensland ag tús mhí Iúil glacadh leis go forleathan go raibh sé tar éis dul timpeall an domhain. Ach an ndeachaigh sé timpeall na cruinne i ndáiríre, a fhiafraíonn Dáithí Ó Colchúin?
»»»Tá an píobaire uilleann Nollaig Mac Cárthaigh agus a bhean Joyce ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus le ceol i mBaile Átha Cliath. Labhair Antaine Ó Faracháin le Nollaig le fáil amach an mbíonn ciúnas acu sa teach riamh!
»»»Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal ‘Irish’ le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?
»»»Tá sé daichead bliain anois ó bhí rath ar an iománaíocht i mBaile Átha Cliath. Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth nach bhfuil borradh faoin spórt sa cheantar sin.
»»»Is bean í an tSiúr Stanislaus Kennedy a bhfuil blianta fada caite aici ag troid ar son chearta na ndaoine bochta in Éirinn. Labhair Ailín Ní Chonchúir léi faoin obair atá idir lámha aici.
»»»Cé go dtugann teideal an leabhair Ón tSeanam Anall: Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn le fios gurb éard atá ann ná scéalta a bhaineann leis an am atá caite, tá Pól Ó Muirí den tuairim nach mbíonn scéal fiúntach sean in am ar bith.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gurb é club Bhiorra, a bhuaigh craobh na hÉireann le déanaí, an fhoireann iománaíochta is fearr ag an leibhéal sin dá bhfacthas sa tír seo riamh agus go bhfuil go leor le foghlaim ag foirne eile uathu.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a chinn an Cumann Lúthchleas Gael (CLG) ar chead a dhiúltú do lucht spórt eile úsáid a bhaint as Páirc an Chrócaigh. Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth a measann seisean gur cheart don Chumann cloí leis an bpolasaí seo.
»»»Tugann Alan Desmond cur síos san alt seo ar na deacrachtaí agus na contúirtí atá roimh an inimirceach a thagann go hÉirinn lasmuigh den dlí.
»»»I bhfianaise na tuarascála a réitigh Stillwater Communications do RTÉ, breathnaíonn Donncha Ó hÉallaithe ar a bhfuil ann maidir le straitéis RTÉ i leith craolacháin i nGaeilge.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh an Nollaig seo caite i Wisconsin Mheiriceá agus bhraith sí uaithi a tír dhúchais go mór.
»»»D’éirigh le bean atá ag saothrú an bháis an ceann is fearr a fháil ar an gcomhlacht tobac British American Tobacco sa chúirt an mhí seo caite. Féachann Dáithí Ó Colchúin ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcás seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.