78
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Spreag TD agus Aire Luimnigh Balor ar a ‘chliathaibh fís’ agus ghair sé na deamhain chumadóireachta chuige féin. Tá toradh amhráin na Súile Nimhe san alt seo.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Caroline Nolan, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Béal Feirste.
»»»Cé go raibh Mícheál Ua Ciarmhaic cúig bliana is seachtó sula chuir sé peann le pár, tá deich leabhar foilsithe aige faoin am seo. Thug Liz Curtis cuairt air ina cheantar dúchais, Baile an Sceilg i gCiarraí.
»»»Bhí Tony Birtill i láthair ag seoladh tuarascála. Míníodh i dtuarascáil Hickman nach seicteachas ach ciníochas ba bhonn le hionsaithe ar mhórshiúlta Gael i Learpholl 2012-13.
»»»Mhúscail an reifreann ar na mallaibh spéis John-Paul Mc Carthy i gcaingean Crotty v An Taoiseach 1986, agus sheol i mbun léamh an bhreithiúnais é.
»»»Seo sliocht as leabhar nua an Athar Pádraig Standún, Eaglais na gCatacómaí, ina bhfuil cur síos ar na trí bliana déag is fiche atá caite aige mar shagart i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Sa sliocht seo, tugann sé cuntas ar na deacrachtaí a bhí aige féin agus ag sagairt eile nuair a cuireadh iad chuig oileáin Árann den chéad uair.
»»»Chuaigh Adele i bhfeidhm go mór ar Mhuireann Ní Bhaoill, Gaillimheach óg a bhain duais na hógiriseoireachta ag Gradaim Liteartha an Oireachtais i mbliana.
»»»An mbogann ábhar do leathanach gnúisleabhair thart ded’ ainneoin? B’fhéidir nach mbeidh cuntas gnúisleabhair féin agat amach anseo mura mbíonn garda an idirlín sásta le do dhearcadh polaitíochta. Tá an scéal ag Maidhc Ó Cathail.
»»»Tugann Beo! cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach mí. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Górdan Ó Ceadagáin ar Oileán Cléire, amach ó chósta Chorcaí.
»»»Míneoidh Ciarán Mac Aonghusa anseo cén fáth go gcliseann na scairteanna gutháin ort go minic agus tuige nach mbíonn seirbhís idirlín ag a lán daoine ag deireadh na seachtaine in Éirinn.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Gaeltacht na hAlban. Tá Beo! faoi chomhaoin ag Tok Thompson as ucht cead a thabhairt dúinn na grianghraif seo a úsáid.
»»»Bhí Breandán de Gallaí ag baint taitnimh as bia follán na háite agus as an chnuasach a dhéanamh roimhré. Diúilicíní, nó na sliogáin dhubha, a bhí ag cur uisce lena cháir.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a chinn an Cumann Lúthchleas Gael (CLG) ar chead a dhiúltú do lucht spórt eile úsáid a bhaint as Páirc an Chrócaigh. Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth a measann seisean gur cheart don Chumann cloí leis an bpolasaí seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.