120
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Chuir sé an-olc ar Bhalor go raibh tús áite tugtha don Ultais ag Oireachtas na Samhna i nDoire.
»»»Tráchtann Donncha Ó hÉallaithe san alt seo ar Michael D. Higgins, an tUachtarán nuathofa, ón aithne a bhí aige ar an bhfear. Deir sé gur bua mór don tír, é a bheith roghnaithe as an seachtar a bhí ag seasamh.
»»»Bhuail Catherine Foley le Cabríní de Barra, bean as Baile Átha Cliath a bhog chun na nDéise. Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí Chonradh na Gaeilge le blianta, ní a thug ar aon ardán í le triúr eile ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn le caint a thabhairt; caint a tharraing caint.
»»»Tús na míosa seo caite, tháinig moladh ó Frank Feighan T.D go mba cheart ‘Gaeltacht’ a dhéanamh de Chliara, oileán amach ó chósta Mhaigh Eo. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go léiríonn a mholadh go bhfuil easpa buntuisceana ar urlabhraí nuacheapaithe Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta agus go mba cheart do Enda Kenny fáil réidh leis mar urlabhraí a pháirtí ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.
»»»Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach, na fir as Maigh Eo atá sa phríosún ó bhí deireadh mhí an Mheithimh ann de bhrí go ndearna siad iarracht stop a chur le tógáil píblíne gháis trína gcuid talún.
»»»Chas Príomh-Aire na hAstráile, John Howard, agus baill den rialtas le ceannairí Ioslamacha na tíre an mhí seo caite ach ní raibh na dreamanna is radacaí i measc na n-eagraíochtaí a fuair cuireadh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá ‘fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth’ feicthe ag Breandán de Gallaí anois. Bhuail Breandán tríd an teora aoise sin a thug a fhad le tríú line an rainn, ‘fiche bliain ag cromadh (is fiche bliain ag dul ar lár)’. Is atús é aois áirithe a scoitheadh agus tá buntáiste go leor ag baint leis, dar leis.
»»»Comhairle ag Alex Hijmans ort má tá cónaí ort sna Sé Chontae nó sa Bhreatain: b’fhiú duit iarratas a chur isteach ar chlóichead na hÉireann má tá fút taisteal go Meiriceá Theas.
»»»Bunaíodh Rua Telecom an bhliain seo caite chun seirbhís teileafóin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Labhair Bernardine Nic Giolla Phádraig le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Ruairí Ó Néill, faoi na cuspóirí atá acu.
»»»Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.
»»»Thug Lizzie Windsor ceacht Gaeilge do mhuintir Bhéarla na hÉireann, cuid acu a déarfas “a Cathairleach” (sic) sa Dáil féin agus níor thit an spéir ar an talamh ina dhiaidh sin a deir Pat Butler.
»»»Rinne Gaelchultúr tionscadal nua, ClubLeabhar.com, a sheoladh an mhí seo caite. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cad é a spreag iad le thabhairt faoin obair seo.
»»»Nuair a fheiceann Colm Mac Séalaigh fógra teilifíse atá ag ceann d’urraí na hiománaíochta, spreagann sé cuimhne na hóige ann.
»»»Míníonn Seosamh Ó Riain an tslí gur fhág dearcadh amscaí údaráis na Gearmáine drong bheag dúnmharfóirí i mbun doirteadh na fola agus marú daoine ar feadh na mblianta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.