128
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá scannán nua Mel Gibson, The Passion of The Christ, ag cothú conspóide le tamall anuas. Féachann Ciara Nic Gabhann ar iarrachtaí eile atá déanta ag ealaíontóirí agus lucht déanta scannán Páis Chríost a chur i láthair an phobail.
»»»Tá go leor fianaise ann go raibh claonpháirteachas leanúnach i gceist idir na fórsaí slándála sna Sé Chontae agus paraimíleataigh dhílseacha ach, mar a mhíníonn Robert McMillen, níl an toil pholaitiúil ann dul i ngleic leis an scannal.
»»»Níl mórán trua ag formhór na nAstrálach do Nguyen Tuong Van, an fear óg atá daortha chun báis i Singapore, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le lucht ealaíne ó thuaidh a bhfuil roinnt den athrú saoil feicthe acu.
»»»Chas Robert McMillen le húdar an leabhair ‘Language, Resistance and Revival’, gníomhaí teanga, Feargal Mac Ionnrachtaigh, le cuid de scéal corrach Bhéal Feirste agus de scéal na Gaeilge a chíoradh is a mheas.
»»»“Ré dhorcha” a thugann Máirtín Ó Muilleoir ar an tréimhse ar toghadh mar chomhairleoir de chuid Shinn Féin é ar Chomhairle na Cathrach i mBéal Feirste. Bhuaigh sé an suíochán i mí Dheireadh Fómhair 1987 agus an mhí dar gcionn, ar an 8 Samhain, maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór i mbuama Inis Ceithleann. An bhliain sin, chaill breis is céad duine ar fad a mbeatha i gcoimhlint fhuilteach na Sé Chontae.
»»»Beidh athrú ó bhonn ar riarachán na Gaeilge is na Gaeltachta nuair a chuirfear moltaí An Bord Snip i bhfeidhm agus nuair a fhoilseofar Straitéis Fiche Bliain an Rialtais i leith na Gaeilge, dar le Breandán Delap.
»»»Áirítear Nuala Ní Dhomhnaill ar dhuine de na filí is tábhachtaí sa Ghaeilge agus tá meas uirthi go hidirnáisiúnta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol in Éirinn agus sa Tuirc, faoina saothar agus faoin ghalar dubhach.
»»»Caitheann Emer Ní Bhrádaigh súil siar ar chuid d’imeachtaí na bliana 2001.
»»»Fuair Balor an-léaró ina óige ar oibriú na polaitíochta agus tá a léacht ar an ábhar le roinnt aige linn san alt siosmaideach seo.
»»»Is eagras iontach é Ciste Fiadhúlra an Domhain, nach ea? Más é sin do bharúil, bainfidh an t-alt seo siar asat: níl an t-eagras féin chomh gleoite céanna leis an bpanda ar a lógo, dar le Maidhc Ó Cathail.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta. Caitheann sé súil san alt seo ar an tuarascáil a tháinig amach deireadh mí Iúil ón gComhchoiste Oireachtais. Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta!
»»»Ní cúis iontais é nach bhfuil muinín ag na Protastúnaigh as na Caitlicigh sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen, nuair a smaoiníonn tú ar an dearcadh diúltach i leith na gCaitliceach a bhí agus atá ag a gceannairí.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stór focal ag baint le cúram linbh.
»»»Tá sé beagnach céad bliain ó cailleadh an scríbhneoir Éireannach Robert Noonan i Learpholl ach tá trácht go fóill air sa chathair sin, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.