122
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Is duine é Donncha Ó hÉallaithe a bhfuil blianta caite aige i mbun feachtas chun an Ghaeilge a chosaint mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Bhí baint mhór aige le bunú Theilifís na Gaeilge agus tá sé ar a dhícheall faoi láthair ag iarraidh a chinntiú nach féidir le daoine gan Ghaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta. Labhair Rónán Mac Con Iomaire leis faoin saol atá caite aige agus faoi chuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe aige.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Mícheál de Mórdha ar Dhún Chaoin i gCiarraí.
»»»Tá tionchar na Stát Aontaithe le brath go láidir eile pholasaí eachtrach Rialtas na hAstráile, dar le Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá dhá leagan den lánúnas imithe chun caingne i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Míníonn Brian Ó Broin go gciallaíonn an easpa aitheantais d’aicme amháin go ndéantar leithcheal, go bunúsach, ar an bpobal aerach.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil sé in am ag an gCumann Lúthchleas Gael an córas atá acu maidir le comórtais a athrú ó bhonn.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe ar chuid de na rudaí atá ag titim amach sa pholaitíocht agus i saol na Gaeilge i láthair na huaire.
»»»Tá Bearnaí Ó Doibhlin ag dearcadh san alt seo ar chlaonadh an Aba .i. leithcheal Phríomh-Aire na hAstráile ar mhná na polaitíochta sa domhan theas.
»»»Tá cuid mhór den phobal idirnáisiúnta míshásta mar gheall ar leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, ach tá Maidhc Ó Cathail den tuairim nach bhfuil iompar an Dalaí Láma féin thar mholadh beirte.
»»»Chaith Ciara Nic Gabhann seal draíochta san India le gairid, in áit ar a dtugtar Kerala. Anois, tá fonn uirthi filleadh arís is arís eile.
»»»An bhfuil sé ‘dotty’ nó ‘intellectually bankrupt’ a bheith ag amharc ort féin barraíocht? Tá ceist nó dhó dúisithe ag an dealbhóir Anthony Gormley, agus d’amharc Ciara Nic Gabhann ar roinnt díobh.
»»»Ní thuigeann Dáithí Ó Colchúin cén fáth ar thug na meáin chumarsáide san Astráil oiread airde ar chruachás beirt mhianadóirí a bhí sáinnithe faoin talamh agus ar thug siad neamhaird ar scéal eile a bhí chomh corraitheach céanna.
»»»Cad é mar atá sibh? Is mise Liz agus tá mé i mo chónaí i dTuaisceart Bhéal Feirste. Is as Londain mé agus tháinig mé anseo beagnach sé bliana ó shin.
»»»Maraíodh na céadta míle i Ruanda i rith na nocháidí. Tá an leagan oifigiúil den scéal cloiste ag gach duine, ach san alt seo, tugann Maidhc Ó Cathail léargas eile dúinn mar gheall ar thréimhse mhillteanach an chinedhíothaithe sa tír sin.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.