120
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár Ní Gaeilgeoir mé nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí bainteach leis. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoin chlár sin agus faoina saol os comhair na gceamaraí.
»»»Agus toradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin ag cur oilc ar cheannairí na hEorpa, tá éirithe lenár gcomhfhreagraí céimiúil Balor agallamh a chur ar dhuine den lucht feachtais ba ghlóraí in éadan a dhaingnithe.
»»»Bhuail Alan Desmond isteach i dTeach Laighean d’fhonn agallamh a chur ar an Seanadóir Ivana Bacik. Bean í nár chúlaigh ón chonspóid go luath ina saol agus í, fiú amháin, ag freastal ar an ollscoil ag an am. An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?
»»»Spreag cuid oibre na heagraíochta Aisling i Londain an stiúrthóir scannán Tom Collins le scannán a dhéanamh mar gheall ar na himircigh Éireannacha sa chathair sin agus anois, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann, tá seans ann go bhfaighidh an saothar ainmniúchán do Ghradam Oscar.
»»»Tá clú ar Chon Fada Ó Drisceoil mar bhoscadóir sa ghrúpa The Four Star Trio ach is amhránaí agus cumadóir amhrán é chomh maith. Labhair sé le hAntaine Ó Faracháin faoin ngrúpa agus faoina chuid amhrán.
»»»In ainneoin gur éirigh go maith le Sinn Féin san olltoghchán is annamh, dar le Balor, a bhíonn cuma shásta orthu. Míníonn sé go heisiach anseo cén fáth a bhfuil an scéal amhlaidh agus díríonn sé ar cheisteanna tromchúiseacha eile chomh maith atá i mbéal an phobail.
»»»Labhair Úna Nic Gabhann le Ciarán Ó Maonaigh faoina albam nua agus faoin teaghlach cáiliúil lena mbaineann sé.
»»»Ó 1970 ar aghaidh, tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbun Turas na bhFilí a eagrú i gcomhar le Comhairle nan Leabhraichean in Albain. Mar chuid den mhalartú cultúrtha seo, chuaigh beirt fhilí, Dáithí Ó hÓgáin agus Dolores Stewart, an t-amhránaí Seán Garvey agus an ceoltóir Colm Dubh Ó Méalóid trasna go hAlbain idir 1-7 Samhain 2004. Bhí Máire Ni Chuagáiin éineacht leo mar ionadaí na Comhdhála.
»»»Tagann ceoltóirí mór le rá ó gach cearn den domhan le chéile gach bliain le bheith páirteach in Celtic Connections, féile a dhéanann ceol Ceilteach – agus ceol eile nach é – a cheiliúradh. Labhair Robert McMillen le stiúrthóir na féile, Donald Shaw, le gairid.
»»»Thug Seán Greif aghaidh ar Oileán an Diabhail agus ar na cillíní a bhfaca Henri Charrière Ifreann an tsaoil seo sular éalaigh sé faoi dheireadh le Papillion a scríobh agus an saol a chaitheamh mar ba rogha leis.
»»»Tá cur síos ag Liz Curtis an mhí seo ar chathair ilchultúrtha Londan, áit ar chaith sí tréimhse le déanaí.
»»»Tá bradaíl curtha i leith Damien Hirst, an t-ealaíontóir Sasanach, agus ní seo an chéad uair dá leithéid tarlú, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Tugann na meáin in Éirinn neamhaird ar leabhair nua Ghaeilge de ghnáth ach tá an comhlacht Gaelchultúr chun tús a chur le comórtas ar a shuíomh nua, ClubLeabhar.com, chun dul i ngleic leis an fhadhb seo. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cén dóigh ar féidir le daoine páirt a ghlacadh sa chomórtas.
»»»Cothrom an ama seo deich mbliana ó shin seoladh ré órga na cumarsáide Gaeilge nuair a tháinig TG4 ar an aer den chéad uair agus nuair a foilsíodh an chéad eagrán de Foinse. Bhí Breandán Delap mar an chéad eagarthóir ar Foinse agus tá sé ag obair anois mar Chlár-Eagarthóir le Nuacht TG4. San alt seo, tugann sé a thuairim chlaonta ar a bhfuil bainte amach na meáin Ghaeilge le deich mbliana anuas agus féachann sé ar na dúshláin atá rompu.
»»»Mheas Tony Birtill go mbéarfaidh cuairt an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigín ar Shasana, i mí Aibreáin seo chugainn, deis don dá rialtas roinnt athruithe a chur i gcrích.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.