110
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Nóta ón Eagarthóir: Chuir Beo! cosc ar Bhalor triall ar an Irish Fest i Milwaukee i mbliana mar gheall ar na nithe maslacha, suaracha a bhí le rá aige faoi dhuine mór le rá i saol na Gaeilge in eagrán na míosa seo caite. Cuireadh cosc air chomh maith alt a chur ar fáil don iris arís go dtí mbeadh sé sásta leithscéal a ghabháil. Níor tháinig an leithscéal sin go fóill. I ndiaidh d’Fhear na Súile Nimhe roinnt mhaith impí agus caoineacháin a dhéanamh, ámh, thug muid cead dó ráiteas seasca focal a chur ar fáil.
»»»Féachann Tom Deignan ar chuid de na mianta, idir chinn thromchúiseacha agus chinn bheagthábhachtacha, atá aige féin agus ag cuid de bhunadh Nua-Eabhrac ag tús na bliana nua seo.
»»»Déanann Brian Ó Broin cur síos ar na radharcanna a chonaic sé le linn Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: Éile Rua: an chéad seilchí le Gabrielle Ní Mheachair (Cois Life). Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»Cuimhníonn Breandán Delap ar na heachtraí brónacha a tharla i gceantar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe 130 bliain ó shin agus ar an chomóradh atá le déanamh orthu.
»»»Chuaigh Úna Nic Gabhann chun cainte le beirt ailtirí i mBéal Feirste a bhfuil neart gradam bainte acu le roinnt blianta anuas agus a bhfuil a gcion féin á dhéanamh acu ar son na Gaeilge.
»»»Beidh cártaí nua “chip and PIN” á n-úsáid go luath in áit cártaí creidmheasa ach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, beidh míbhuntáistí áirithe ag baint leo.
»»»Míníonn Diarmaid Mac Mathúna na buntáistí móra a bhaineann le blaganna.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil an saol ag athrú agus tá polaitíocht an stáit tar éis athrú sa dóigh nach saor, glan beann, aon stát feasta, SAM san áireamh, ar an suaitheadh ilnáisiúnta a bhain siar as gach cúinne den domhan le bliain anuas.
»»»Thug Daragh Ó Tuama gean do charr acmhainneach áirgiúil láidir i ndiaidh leadhbanna d’uachtar Laighean agus na Mumhan a shiúl léi.
»»»Cé go bhfuil mé i mo chónaí níos mó ná 3,600 míle ó Ghaeltachtaí na hÉireann, bíonn seans agam chuile sheachtain Gaeilge a labhairt. Tá cúpla grúpa Gaeilgeoirí anseo in Minneapolis St. Paul, Minnesota, iad beag ach an-dáirire faoin teanga.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Gleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: laetha saoire.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.