170
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Thug Rialtas na hAstráile cuid trúpaí na tíre ar ais ón Iaráic le gairid, mar a gheall an Príomh-Aire roimh an olltoghchán anuraidh go ndéanfadh sé, ach, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, níl aon dochar déanta ag an gcinneadh seo don chaidreamh idir an tír agus na Stáit Aontaithe.
»»»Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, nó níl a fhios aige cé atá i mbun na liarlóige seo i láthair na huaire.
»»»Féachann Ciara Nic Gabhann ar an ealaín mar uirlis chun agóid a dhéanamh i gcoinne cogaí.
»»»D’eisigh an boscadóir Páidí Ó Conchúir as Baile Uí Aichir, Cill Áirne i gContae Chiarraí albam nua dar teideal Different State le déanaí. Ceol i dtraidisiún Shliabh Luachra go príomha atá ann. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin dlúthdhiosca nua seo.
»»»Tá Kevin Myers ar dhuine de na hiriseoirí is mó a bhfuil aithne air in Éirinn. Is minic an chonspóid sna sála air mar go gcuireann sé i gcoinne an chomhdhearcaidh ar réimse leathan ábhar. Ach i gcodarsnacht lom lena phrós géar, is duine gleoite é nach bhféadfá gan dúil a chur ann, mar a tharla do Chaoimhe Ní Laighin nuair a bhuail sí leis le gairid.
»»»Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é. Chas Robert McMillen le hoirfideach a chasann idir bhogearraí agus uirlisí go hoilte is go healaíonta.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le lucht ealaíne ó thuaidh a bhfuil roinnt den athrú saoil feicthe acu.
»»»Agus muid ag ceiliúradh Lá ‘le Pádraig fiosraíonn Breandán Delap cad is brí le bheith i do Éireannach.
»»»Thug ‘gallthochas’ Diarmuid Johnson isteach chuig lámhscríbhinn Ghaeilge in Iarsmalann na Breataine agus an bóithrín iarainn soir go Poznan na Polainne áit ar bhuail sé leis an gCaisideach Bainc.
»»»Tá na blianta fada caite ag Adi Roche, arb as Cluain Meala ó dhúchas di, i mbun feachtais ar son dí-armála núicléiche agus cúiseanna eile. Is í an chúis is mó a bhfuil sí i ndiaidh a bheith bainteach léi le dhá bhliain is fiche anuas, áfach, ná feasacht a chruthú i leith fhulaingt pháistí Shearnóbail agus is chuige sin a bhunaigh sí The Chernobyl Children’s Project ag tús na nóchaidí. Agus clár faisnéise faoi obair na heagraíochta seo le bheith craolta ar RTÉ 1 an mhí seo, labhair Caoimhe Ní Laighin leis an mbean feachtais dhíograiseach dhothuirsithe seo.
»»»Léiríonn an scannán ‘Entre les murs’ leochailleacht an phobail i dtaca leis an téarmaíocht a úsáidtear ina leith, ag muintir na polaitíochta go háirithe.
»»»Tuigeann an tAire Oideachais go bhfuil géarchéim i múineadh na Gaeilge sna scoileanna ach an mbeidh cead aici dul i ngleic leis an fhadhb, a fhiafraíonn Breandán Delap.
»»»Braitheann Fachtna Ó Drisceoil go bhfuil cur chuige nua, atá i bhfad níos míleata, á úsáid ag urlabhraithe an Lucht Taistil agus iad páirteach i ndíospóireachtaí sna meáin chumarsáide.
»»»In ainneoin na bhfadhbanna ar fad atá ag Béal Feirste, braitheann Liz Curtis níos sábháilte ansin faoi láthair ná i Londain.
»»»Taispeántas d’ealaín na heolaíochta i mBaile Átha Cliath a tharraing aird Chiara Nic Gabhann. Mheabhródh sé taispeántas a tháinig chun na príomhchathrach anuraidh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.