87
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Agus toradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin ag cur oilc ar cheannairí na hEorpa, tá éirithe lenár gcomhfhreagraí céimiúil Balor agallamh a chur ar dhuine den lucht feachtais ba ghlóraí in éadan a dhaingnithe.
»»»Tá tathag ag baint le taispeántas Dhuais Turner i nGailearaí an Tate i Londain i mbliana nach bhfacthas cheana féin. Tuairisc ó Mary Beth Taylor.
»»»Leis an ghéarchéim airgeadais faoi lán seoil timpeall orainn, táimid go léir ag tabhairt aire níos mó dos na pinginí. Seo thíos roinnt moltaí ar conas leas a bhaint as áiseanna ar an líon chun cabhrú le do chuid cúrsaí airgid.
»»»Tá go leor den aos ealaíne an-tógtha le saothar an Albanaigh Richard Wright. Síleann Ciara Nic Gabhann go bhfuil siocair mhaith acu leis.
»»»Tá trua ag Balor do na fonnadóirí a fhágfar ar leathrann in gach rann amhráin feasta. Saol seo na sceanairte, fágfar ga.. rud l..thscrí.f..
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le duine de cheoltóirí Kíla, Rossa Ó Snodaigh, i Liatroim agus cheistigh é faoina chur chuige fuinniúil i gcúrsaí Gaeilge. Tá sé ag ceapadh faoi láthair gur mithid do shaol na Gaeilge tabhairt faoi ghné an-tábhacht eile, saol an airgeadais, trí chomhar creidmheasa a bhunú do mhuintir na Gaeilge.
»»»Aistriúchán le Micheál Ó Conghaile ar ghearrscéal do dhéagóirí le Nicola Davies. Beidh an scéal seo le fáil sa chnuasach Sách Sean agus Scéalta Eile a fhoilseofar go luath. Tá na scéalta ar fad sa leabhar suite sa Bhreatain Bheag.
»»»Thug Brian Ó Broin a ghean do chathair Nua-Orléans ar na mallaibh. Ceann de na háiteanna is spéisiúla i SAM atá ann dar leis.
»»»D’éirigh uachtarán na Brasaíle, Lula, as oifig ar an 1 Eanáir tar éis ocht mbliana a d’athraigh a thír ó bhun go barr. Breathnaíonn Alex Hijmans siar ar shaol agus ar réimeas dhuine de na ceannairí polaitiúla is mó a bhfuil ardmheas orthu ar domhan.
»»»Thrácht Státrúnaí an Tuaiscirt le déanaí ar an dóigh a mbraitheann Protastúnaigh sna Sé Chontae go bhfuil siad i dteach fuar. Feiceann Robert McMillen comharthaí áirithe a léiríonn go raibh an ceart ag John Reid.
»»»Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal ‘Irish’ le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?
»»»Chuir Gabriel Rosenstock leagan Gaeilge de ‘Sé Dhán’ le Ryókan ar fáil dúinn thíos. Beidh sé le fáil in imleabhar 3 den díolaim ‘Guthanna Beannaithe an Domhain’ a fhoilseofar an bhliain seo chugainn.
»»»Mheabhraigh cláir stair ear TG4 le déanaí do John-Paul Mc Carthy an cuntas a scríobh Conor Cruise O Brien ar chastacht scéal an Chongó sna 1960aidí.
»»»Ní fear sa chéad ach fear sa mhílaois atá faoi thrácht ag Colm san eagrán seo, Christy Ring, as ceantar Ó Macaille, i gCorcaigh. A bhuí dósan agus do scannánú Louis Marcus ar son Ghael Linn, tá áis foghlama in aice láimhe ag gach éinne a shantóidh scil na hiomána.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.