416
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá sé ceithre bliana déag anois ó chuaigh Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy isteach sa stiúideo leis an albam ‘Altan’ a thaifeadadh. Réitigh siad chomh maith sin le beirt de na ceoltóirí a bhí ag seinm ar an albam, Ciarán Curran (bouzouki) agus Mark Kelly (giotár), gur chinn siad ar ghrúpa a bhunú leo agus Altan a thabhairt mar ainm air. Tá an domhan mór siúlta ag Mairéad agus ag an ghrúpa ó shin ach má tá sí ag éirí bréan den saol fuadrach seo, ní raibh sin le brath uirthi nuair a chuaigh mé chun cainte léi ag deireadh mhí an Aibreáin.
»»»Foilsíodh an cúigiú cnuasach dánta leis an fhile Corcaíoch Louis de Paor le gairid. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaothar, faoina chuid oibre mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus faoin uaigneas a bhaineann le bheith ag saothrú i ngort an léinn Ghaeilge.
»»»Tógadh Anthony Cole i mBéal Feirste agus i Muineachán, ach tá sé ag baint faoi na laethanta seo i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Labhair sé le Tom Deignan faoina shaol ansin agus faoina chuid oibre mar fhear dóiteáin leis an Fire Department of New York (FDNY).
»»»Measann Breandán Delap go bhféadfadh Roinn na Gaeltachta a bheith níos oscailte ins an eolas a nochtaítear don phobal ...
»»»Níl mórán trua ag formhór na nAstrálach do Nguyen Tuong Van, an fear óg atá daortha chun báis i Singapore, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Is beag moladh de chuid an Bhord Snip Nua i leith na Gaeilge is na Gaeltachta a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo. Ach tá an bhagairt ag treisiú de bharr beirt airí a bheith éirithe as oifig dar le Breandán Delap
»»»Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí aird ar an mhéid a eascróidh as dhá phróiseas comhairliúcháin a bhaineann le todhchaí na Gaeilge, dar le Breandán Delap.
»»»Ag deireadh na nóchaidí, bhí Carrie Crowley le feiceáil ar an teilifís an t-am go léir. D’éirigh sí as an obair theilifíse go tobann, áfach, agus is beag trácht a bhí uirthi ar feadh roinnt blianta. Tá sí ar ais ar na scáileáin anois, áfach, agus, mar a mhínigh sí d’Éamonn Ó Dónaill níos sásta ná mar a bhí riamh lena saol.
»»»Scaoileadh Barry George saor ag tús mhí Lúnasa i ndiaidh dó ocht mbliana a chaitheamh sa phríosún sa Bhreatain. Ba i ndúnmharú an láithreora teilifíse Sasanaigh, Jill Dando, a ciontaíodh é sa bhliain 2001, ach bhíothas in amhras riamh faoi iontaofacht na fianaise a úsáideadh ina éadan. Tá cónaí ar Michelle Diskin, deirfiúr George, i gCorcaigh agus labhair Alan Desmond léi le gairid faoina troid leis an gciontú éagórach a chur ar ceal.
»»»D’fhéach Balor le comhairle a chur ar an Aire Airgeadais, Charlie McCreepy, le déanaí.
»»»Léirigh bás tragóideach Holly Wells agus Jessica Chapman i Soham Shasana chomh tábhachtach is atá sé cúlra daoine a bhíonn ag obair le páistí a sheiceáil. Mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, áfach, níl córas sásúil monatóireachtai gceist sa tír seo agus ní bheidh sé furasta a leithéid a chur i bhfeidhm.
»»»Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: faoin tír san oíche.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ceannach bronntanas Nollag do pháistí.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.