119
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Bhí Seán Ó Tiarnaigh ar ais in Éirinn an mhí seo caite, leathchéad bliain i ndiaidh dó dul ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe agus gan ach fíorbheagán airgid ina phóca. D’inis sé d’Éamonn Ó Dónaill faoina shaol ansin, an dóigh ar éirigh leis post sinsearach a bhaint amach i mbanc agus an dóigh ar músclaíodh a spéis sa Ghaeilge in athuair.
»»»Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár Ní Gaeilgeoir mé nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí bainteach leis. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoin chlár sin agus faoina saol os comhair na gceamaraí.
»»»Is as Alasca ó dhúchas é Tok Thompson agus tá sé i ndiaidh filleadh ar na Stáit Aontaithe tar éis breis is dhá bhliain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Míníonn sé anseo an tslí ar chuir an Ghaeilge go mór lena shaol agus é ag cur faoi in Éirinn.
»»»Chaith Balor seal i measc mhaithe agus mhóruaisle na Gaeilge ag Irish Fest Milwaukee an mhí seo caite.
»»»Tá tochas ardáin ag teacht ar Dhiarmuid Johnson tharla gur bhuail fear siúlach rac-cheol isteach san oifig aige lá amháin agus cén fáth nach siúlfadh sé uaidh ‘as seo don tír anonn.’
»»»Is ag athrú chun feabhais atá dearcadh mhuintir na hAstráile ar mhuintir na hÁise atá ag triall ar a dtír mar lucht oibre. Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin nach amhlaidh a bhí i dtólamh.
»»»D’eisigh Colm Mac Con Iomaire ón mbanna clúiteach ceoil The Frames albam aonair dar teideal [i]Cúinne an Ghiorria[/i] le gairid, agus tá Colm Ó Snodaigh faoi dhraíocht ag saothar a charad dhílis.
»»»Beidh deis ag lucht iomraimh gabháil ar bord longbhád Lochlannach ar an Life agus in ionaid go leor eile an bhliain seo chugainn. Tá roinnt sonraí ag Tony Birtill.
»»»Tá Daragh Ó Tuama an-mholtach faoi charr de chuid Škoda nár thug a shúil taitneamh di, go dtí gur shuigh sé isteach inti, an Yeti. D’athraigh a dhearcadh ina leith ó shin.
»»»In ainneoin go bhfuil plódú tráchta ag dul chun donais in Éirinn, bíonn drogall ar Éireannaigh úsáid a bhaint as a rothair, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Ní scéal ruin é nuair a bhíonn a fhios ag Wikileaks! Chaith Tomás Ó hAodha súil ar scéal Julian Assange, fear atá diongbháilte ina chuid prionsabal agus fear a bhfuil líomhaintí tromchúiseacha curtha ina choinne sa tSualainn.
»»»Léiríonn seasamh na bhfoirne as Cúige Laighean sa sraithchomórtas náisiúnta go bhfuil an ceart acu siúd a deir go bhfuil an iománaíocht sa chúige sin ag dul i léig, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Síleann Balor nach bhfuil na bainc ag imirt na córach leis an phobal, ach bíonn barúil sách aisteach aigesean ó am go chéile ar aon nós.
»»»Tá míbhuntáistí áirithe ag baint le Barcelona, dar le Máire Ní Chuagáin, ach meallann an chathair ar ais go minic í mar sin féin.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.