91
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá breis is scór bliain caite in RTÉ ag Mairéad Ní Nuadháin, Eagarthóir Coimisiúnaithe na gClár Gaeilge, Ilchultúrtha agus Oideachais, ach tá neart cineálacha eile oibre déanta aici ina saol, mar a mhínigh sí do Chaoimhe Ní Laighin.
»»»Déanann Liz Curtis cur síos ar na himeachtaí iontacha a bhíonn ar siúl i mí Lúnasa i nDún Éideann, an chathair a bhfuil sí ag cur fúithi inti faoi láthair.
»»»Ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó i gContae Liatroma an mhí seo caite, bhuail Antaine Ó Faracháin trí thimpiste le beirt den lucht siúil a raibh an-dúil acu sna hamhráin agus fuair sé amach gur ó mhuintir duine acu a bailíodh roinnt amhrán a cuireadh amach ar albam dar teideal Songs of the Irish Travellers (1983).
»»»Tá an chuma ar an scéal go ndaorfar chun báis cuid de na hAstrálaigh a gabhadh le déanaí i mBali agus hearóin ina seilbh. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Tá daoine áirithe san Astráil ag gearán faoina laghad bonn a bhain an fhoireann náisiúnta sna Cluichí Oilimpeacha agus iad á rá gur chóir maoiniú sa bhreis a chur ar fáil do spóirt éilíteacha sa tír dá bharr. Tá Bearnaí Ó Doibhlin idir dhá chomhairle faoi sin, áfach.
»»»Bhí John Ging ar ais in Éirinn deireadh Mí Márta agus chas Robert McMillen leis. Is dócha gur shíl roinnt daoine a chonaic ar an teilifís é faoi Nollaig agus tús na bliana seo nach mbainfeadh sé tír na hÉireann amach slán a choíche feasta lena raibh de chontúirt thart ina ghaobhar i nGaza ag an am. Bhain agus thug sé cuntas do Robert ar chuid dá shaol oibre ón Liobáin go dtí an Chosaiv, go Ruanda agus go Gaza.
»»»Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill leis na buaiteoirí in olltoghchán an 17 Bealtaine a thuar.
»»»Bhuail splanc fiannaíochta Eoin Mac Aodha Bhuí ach cén t-ionadh nó is i mbun taighde a bhí sé ar an áis ríomhaireachta, nó an áis tochmhairc, Tinder.
»»»Tharraing saothar, Django Unchained, agus an seasamh a ghlac Quentin Tarantino ar Channel News, le Pat Butler agus tá sé an-mholtach chomh maith i leith scannán Spielberg ar Abe Lincoln.
»»»Thug Daragh Ó Tuama gean do charr acmhainneach áirgiúil láidir i ndiaidh leadhbanna d’uachtar Laighean agus na Mumhan a shiúl léi.
»»»Is duine é Peter Quinn a bhfuil go leor éachtaí déanta aige ina shaol. Le cois an-rath a bheith ar mar fhear gnó le fada anois, bhí baint lárnach aige le forbairt Pháirc an Chrócaigh do Chumann Lúthchleas Gael, bhí sé mar bhall de Choimisiún na bParáidí, agus ceapadh é ag tús mhí an Aibreáin i mbliana mar an chéad chathaoirleach ar TG4 tar éis don stáisiún neamhspleáchas a bhaint amach ó RTÉ. Labhair sé go hoscailte le Caoimhe Ní Laighin faoina óige agus faoina shaol sa spórt, sna meáin chumarsáide agus sa ghnó.
»»»Ón lá inniu go ceann 10 mbliain eile beidh go leor le ceiliúradh ach fiafraíonn Donncha Ó hÉallaithe céard tá le ceiliúradh ag lucht na Gaeilge?
»»»Chuaigh leabhar de chuid Daniel Kahneman i bhfeidhm air chomh mór sin ar Chiarán Mac Aonghusa is go raibh air cromadh isteach ar an mhéarchlár agus scríobh faoi.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.