135
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
D’éirigh Bob Burke as a phost mar fhiaclóir i mBaltimore, Maryland anuraidh ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sé ar tí éirí as a chuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn ina thír dhúchais.
»»»Tá an chlaontacht i gcoinne na nÉireannach beo beathach i Sasana, fiú sa chóras oideachais, mar a fuair Tony Birtill amach ag tús mhí na Nollag.
»»»Tá an-bhorradh faoin Ghaeilge i nGlaschú faoi láthair, a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Govanhill, ceantar ina bhfuil roinnt mhaith Éireannach ag cur fúthu go fóill. Labhair Cóilín Ó Floinn le hOifigeach Forbartha na craoibhe.
»»»Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal ‘Irish’ le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?
»»»Tá fonn ar an Uachtarán Bush níos mó saighdiúirí a chur chun na hIaráice, ach cén áit a bhfaighidh sé iad, a fhiafraíonn Brian Ó Broin, gan dul i dtuilleamaí an choinscríofa.
»»»Tá aitheantas bainte amach ag Éilís Ní Dhuibhne mar údar cruthaitheach oilte, is cuma cé acu ag scríobh i mBéarla nó i nGaeilge atá sí. Ach tá a leabhar nua, [i]Fox, Swallow, Scarecrow[/i], rud beag uaillmhianach agus fadálach, dar le Pól Ó Muirí.
»»»Dúirt Príomh-Aire nua na Breataine, Gordon Brown, an lá a tháinig sé i gcomharbacht ar Tony Blair, go n-éistfeadh sé le muintir na tíre as seo amach ach níl Tony Birtill ródhóchasach go ndéanfaidh sé amhlaidh.
»»»Bhí Robert McMillen i láthair ag cur i láthair in Óstán na hEuropa, Béal Feirste i mí Eanáir nuair bhris callán amach sa tslua. D’fhág sé ábhar machnaimh ag cách, ar dhroim a raibh sa tuarascáil féin a d’fhoilsigh an Grúpa Comhairliúcháin an lá sin. Níor díbríodh éinne as an halla, ach is léir gur cneas thar ghoimh go leor d’íomhá shuaimhneach an tuaiscirt a bhfuilimid ina taithí le tamall anuas.
»»»Idir chontúirt an chogaidh eithnigh agus chonarthaí d’airm ollscriosúla, tá riar a dhóthain á chíoradh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo ar bhagairt na Cóiré Thuaidh (22,665,345 duine, 2009) ar Iarthar Domhain.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim nach spórt a thuilleadh é a luaithe a bhuailtear duine ar bith ag báire. Caithfear an mí-iompar a dhíbirt as an spórt.
»»»Déanann an comhfhreagraí idirnáisiúnta Alex Hijmans cur síos ar léirsiú a chonaic sé i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí air.
»»»B’fhéidir go raibh Gráinne Campion ag iarraidh smearadh den ádh a thabhairt léi nuair a bhuail sí le Patrick Clarke lena cheistiú faoi Chraobh Oscailte Pócair na hÉireann 2014 a bhaint ar na mallaibh.
»»»Féachann Pat Butler siar ar shaol Bhúistéir na mBalcán, Slobodan Milosevic, a cailleadh sa Háig an mhí seo caite.
»»»Le linn dó bheith i gceannas ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an samhradh seo, thug Tony Birtill cuairt ar láithreán atá an-tábhachtach ó thaobh stair an cheantair de agus chuir an droch-chaoi a bhí air an-díomá air.
»»»Déanfar sraith nua teilifíse 20 páirt dar teideal Turas Teanga, atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ag an meánleibhéal, a chraoladh ar RTÉ agus ar TG4 ó dheireadh mhí Eanáir ar aghaidh. Tá na cláracha sa tsraith mar chuid de chúrsa teanga ilmheáin, ina bhfuil leabhar (arna fhoilsiú ag Gill and Macmillan), dlúthdhioscaí, suíomh gréasáin, dioscaí digiteacha ilúsáide (DVDs) (a eiseofar i mí an Mhárta 2004) agus cláracha raidió. Tá na heilimintí difriúla seo den chúrsa comhtháite go hiomlán.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.