424
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Cíorann Colm Mac Séalaigh gné thiochar an spóirt ar an saol mhór lasmuigh de chúrsaí spóirt. Léirigh mhórlaochra gorma an chéad seo caite, ó Jack Johnson go Muhammad Ali agus eile an tionchar sin.
»»»Chuir JP McCarthy spéis i gcaint Albie Sachs, Breitheamh na Cúirte Bunreachtúla san Afraic Theas. Loiteadh Albie Sachs go dona i mbuamáil a rinne an NIS air sa bhliain 1988.
»»»Nochtann Breandán Delap a bhfuil i gcomhaid an rialtais sa Chartlann Náisiúnta mar gheall ar chás stairiúil dlí a reáchtáladh tríocha bliain ó shin.
»»»Tá pobal SAM oibrithe go fraochta faoin gcaoi ar crochadh uathu go dleathach agus go coiriúil araon, an saibhreas a shaothraigh siad le blianta roimhe seo. Smachtú agus rialú géar a bheas i bhfeidhm feasta dar le Brian Ó Broin.
»»»Labhair Mary Beth Taylor le Meiriceánach mná le gairid ar éirigh léi grá geal a croí a aimsiú – le cuidiú seirbhíse déanta coinní ar líne.
»»»Tá Brian Ó Broin den tuairim nach gcaillfidh Barack Obama an chumhacht i dtoghchán na hUachtaránachta i mí an Mheithimh.
»»»Tá ríomhchainteoir darb ainm Cabóigín forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Labhair Caoimhe Ní Laighin le stiúrthóir an tionscadail, an tOllamh Ailbhe Ní Chasaide, le gairid faoin teicneolaíocht réabhlóideach seo.
»»»Tháinig Lisa Nic an Bhreithimh ar an tuiscint le deireanas go ndéantar saibhreas agus dochar d’aon bhéim amháin i ngnó carthanachta na n-éadaí ar athláimh.
»»»Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil ciaptha leis an imní. Ach is cóir dóibh siúd ar mian leo freastal ar an ollscoil a bheith ar bís faoin mbliain atá rompu, dar le Johanna Ní Mhurchú. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.
»»»Tháinig an t-antraipeolaí Súdánach Abdullahi Osman El-Tom go hÉirinn i 1990 chun cúpla mí a chaitheamh ag obair san ollscoil i Maigh Nuad agus tá sé anseo ó shin. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina chúlra, faoin oideachas agus faoin tsuim atá aige sa Ghaeilge.
»»»Chonaic Ciara Nic Gabhann gnéithe fiúntais san Fhéile Phan-Cheilteach i nDoire i mbliana nach dtugtar suntas dóibh ar an chéad amharc. Is féidir comhoibriú, aithne, comhthuiscint agus cairdeas a áireamh ina measc.
»»»Na céadta bliain i ndiaidh bhronnadh a cairte ar Bhéal Feirste, míníonn Robert McMillen go bhfuil lucht na teanga mionlaithe ag cur in iúl go feidhmiúil gur cuid de fhíochán na cathrach iad féin fosta.
»»»Bhí tráth ann sna seachtóidí nuair a bhí turasóirí Meiriceánacha (gléasta ar nós leipreacháin a déarfadh daoine míchineálta) go feiceálach ar fud na tíre. Anois is Tíogar mór Meiriceánach atá inár measc. Labhraíonn muid ar an Tíogar Ceilteach ach is é fírinne an scéil go bhfuil an Tíogar seo leath-Mheiriceánach. Tá geilleagar na tíre seo ag brath i bhfad níos mó ar mhargaí idirnáisiúnta ná mar atá geilleagar tíortha eile. Déanaimid 78% d’olltáirgeacht náisiúnta (GDP) na tíre a easpórtáil, agus 13% go Meiriceá féin - figiúr atá cúig huaire chomh mór leis an meánchéatadán don Aontas Eorpach. Agus thairis sin, tá 50% d’easpórtálaithe na tíre ag teacht ó chomhlachtaí Meiriceánacha. Ní thógann sé mórán ama cuid acu a ainmniú: Intel, Dell, Microsoft, Apple, Hewlett Packard, atá ag plé le cúrsaí ríomhaireachta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.