166
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Sa dara cuid de 2002, thosaigh go leor daoine ag rá le Tom Deignan, agus le hiriseoirí eile, go raibh an chaint ar fad sna meáin ar uafás an 11 Meán Fómhair ag cur as dóibh, go raibh sé in am éirí as an chlúdach leanúnach a bhí i gceist go dtí sin.
»»»Táthar chun breis is fiche scoil Chaitliceach a dhúnadh i Nua-Eabhrac go luath agus buille an-mhór a bheas anseo do go leor daoine, dar le Tom Deignan.
»»»Tá Tom Deignan an-tógtha le leabhar nua leis an iriseoir Gwendolyn “Wendy” Bounds ina míníonn sí an chaoi ar éirigh léi sólás a fháil i gceantar tuaithe i Stát Nua-Eabhrac tar éis 9/11.
»»»Féachann Robert McMillen ar cheist na póilíneachta sna sé chontae, ceist atá ina cnámh spairne go fóill idir na páirtithe polaitíochta éagsúla.
»»»Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach, na fir as Maigh Eo atá sa phríosún ó bhí deireadh mhí an Mheithimh ann de bhrí go ndearna siad iarracht stop a chur le tógáil píblíne gháis trína gcuid talún.
»»»Ó bunaíodh Wikipedia, an chiclipéid ar líne, sa bhliain 2000, tá na mílte duine ar fud an domhain tar éis ábhar a chur ar fáil dó. Le tamall anuas, áfach, tá saineolaithe áirithe tar éis an suíomh a cháineadh, ag rá nach féidir bheith cinnte go bhfuil an t-eolas atá air cruinn. Fós féin, tá an-ráchairt air, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Tá todhchaí an Taoisigh, Bertie Ahern, ag brath ar an toradh a bheas ar an choimhlint idir beirt iarrthóirí Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath i dtoghchán na hEorpa an mhí seo, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
»»»Choinnigh Eilís Ní Dhúill an cloigeann nuair a mheas sí an scannán ‘samhlaíoch’ scéiniúil a taispeánadh ina scannán lánfhada ag Film Fleadh na Gaillimhe i mí Iúil.
»»»Thug Seán Greif aghaidh ar Oileán an Diabhail agus ar na cillíní a bhfaca Henri Charrière Ifreann an tsaoil seo sular éalaigh sé faoi dheireadh le Papillion a scríobh agus an saol a chaitheamh mar ba rogha leis.
»»»Tá cuairt tugtha ag Liz Curtis ar roinnt iarsmalann suimiúil in Albain le tamall de bhlianta anuas.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe an mhí seo ar an díchoimisiniú sna sé chontae agus tugann sé cur síos ar spórt nua atá tagtha chun cinn san Afraic.
»»»Nuair a fheiceann Colm Mac Séalaigh fógra teilifíse atá ag ceann d’urraí na hiománaíochta, spreagann sé cuimhne na hóige ann.
»»»Ba mháthair mhachnaimh do Phól Ó Muirí bás peata sa teach. An mhuc ghuine a shíothlaigh, d’fhág sé a lorg ar an chlann óg, rud a chuir an t-athair ar a mharana.
»»»An chéad chuid de shocrú na deacrachta is ea an dearcadh a shocrú ar dtús dar le Muiris Ó Meara. Má athraítear dearcadh daoine, is féidir teannadh le socrú na deacrachta in ionad a bheith ag seachaint an tsocraithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.