151
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá go leor conspóide ag baint leis an scannán The Magdalene Sisters le Peter Mullan ó d’oscail sé an fómhar seo. Labhair Ciara Nic Gabhann leis an ghrianghrafadóir digiteach Diane Fenster, atá lonnaithe i San Francisco, faoi shuiteáil dá cuid a dhíríonn ar an ábhar céanna.
»»»Bhí deis ag Bearnaí Ó Doibhlin machnamh ar mhuintir na nOileán Filipíne, Vanuatú agus an Nua-Chaladúin san Aigéan Ciúin le linn saoire ar bord sóloinge, an Pacific Dawn, faoi Nollaig. Saol eile ar fad atá ag muintir na nOileán agus ní hé saol na sóloinge é, ach a mhalairt ghlan.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le láithreoir de chuid BBC na hAlban agus Radiò nan Gaidheal, Andreas Wolff, fear a thug cúrsa ÙLPAN ar Ghaeilge na hAlban i nGleann Cholm Cille i mbliana. Is as Beirlin é Andreas ach rinne sé a chéim ollscoile i Sabhal Mór Ostaig ar Eilean Sgitheanach.
»»»Mar spárálaí scáileáin na míosa seo tá An Clachán, iarsmalann dhúiche i nGleann Cholm Cille a léiríonn trí chéad bliain de shaol teaghlaigh in iardheisceart Dhún na nGall. (Grianghraif le hIan Edwards.)
»»»Nuair a chuaigh Pádraig Ó Liatháin go Prág i bPoblacht na Seice chun an Ghaeilge a mhúineadh chuir sé ionadh air chomh tógtha is a bhí go leor de bhunadh na háite leis an nGaeilge, agus leis an gceol agus rince traidisiúnta.
»»»As Dún na nGall í Seosaí Nic Rabhartaigh agus tá sí ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Wisconsin, Milwaukee (UWM) faoi láthair. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair léi faoina cuid oibre agus faoi bheith ag tógáil a cuid páistí le Gaeilge i Meiriceá.
»»»Tugann Roseanne Smith aird san alt seo ar chleasaíocht úr eile ár linne atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine agus ar chomhlachtaí an-ghar duit féin, i ngan fhios duit b’fhéidir.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dáithí Kimber, Port Láirge le Gaoluinn.
»»»Caitheann Robert McMillen súil siar ar phríomhimeachtaí na bliana 2003 i dTuaisceart Éireann.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Gort an Choirce, Contae Dhún na nGall.
»»»Tá iniúchadh déanta ag Maidhc Ó Cathail ar scéal Iosrael agus ar ghné an tSíónachais ó cuireadh Stát Iosrael ar bun. Chaith sé súil ar chuid dá bhfuil ráite agus ar chuid dá bhfuil dearmadta roimh thoghchán na hUachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
»»»Cé go bhfuil sé bliain ó fuair Pádraig Ó Cléirigh, dlúthchara le Colm Ó Snodaigh, bás, is minic Colm ag smaoineamh air fós.
»»»Cuidíonn an teicneolaíocht linn níos mó a léamh in am níos lú, ach de réir Roseanne Smith, spíonfar sinn agus íocfaimid as an léitheoireacht ghasta céanna ar mhodhanna eile.
»»»Bhí Tony Birtill in ísle brí le gairid tar éis dó an Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe a bhaineann le hÉirinn a léamh. Ní hé gur chuir na staitisticí a clúdaíodh inti ionadh air, ach tuigeann sé go bhfuil easpa gnímh i gceist sa tír seo i measc na bhforas a cuireadh ar bun leis an chomhshaol a chaomhnú.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: polaitíocht na háite oibre.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.