74
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid. An mbeidh páiste eile ag Carla Bruni nó nach mbeidh? Ba leamh le PJ Mac Gabhann roinnt de scéalta gan téagar na meán thall.
»»»Tar éis cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil le gairid. Sa seachtú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa Mhaláiv, díreach sular fhág sí an Afraic.
»»»Tá Emer Ní Bhrádaigh den tuairim go bhfuil sé tábhachtach scoláirí tríú leibhéal a ullmhú don saol mór seachas a gcloigeann a líonadh le fíricí.
»»»Caidréim Johnny Giles, nó Caidréim Uí Ghlaisne atá dá moladh ag Colm Mac Séalaigh san alt seo, adhmholadh a tuilleadh go breá ar pháirc na himeartha agus ar an líne sleasa in imeacht na mblianta.
»»»Bíonn bagairtí báis le feiceáil níos minice sa chomhrá ar líne ar an saolta seo. Breathnaíonn Niamh Ní Shúilleabháin ar an nós agus ar na deacrachtaí a bhaineann leis an iompar frithshóisialta ar líne.
»»»I mí an Aibreáin 1968 bhain an grúpa Emmet Spiceland, a raibh an ceoltóir Donal Lunny ar dhuine dá bhaill, uimhir a haon amach i gcairteacha na hÉireann leis an amhrán “Mary from Dungloe”. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Lunny le daichead bliain anuas agus áirítear é ar dhuine de na ceoltóirí is tábhachtaí i gceol traidisiúnta na hÉireann san fhichiú haois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis le gairid faoina shaol sa cheol.
»»»Is beag duine nach bhfaigheann teachtaireacht ríomhphoist go rialta mar gheall ar víreas ríomhaireachta - ach ní bhíonn bunús ar bith le formhór na dteachtaireachtaí sin. Is minic a scaiptear teachtaireachtaí mar gheall ar víris bhréige (nó “hoax viruses") agus tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo agus rabhadh ar chóir aird a thabhairt air.
»»»Cén plean atá ag an rialtas chun dul i ngleic le tubaiste mhór núicléach? Fiosraíonn Uinsionn Mac Dubhghaill an scéal.
»»»Chaith Liz Curtis tréimhse thaitneamhach i nGaeltacht na hAlban níos luaithe i mbliana.
»»»Tá tuairisc ar fheachtas Uachtaránachta na Brasaíle dúinn, ag Alex Hijmans. Is cosúil gur le Dilma Rousseff a bheas an lá óir is í bun agus barr an scéil ag gach éinne ann.
»»»Tuigeann Balor gur féidir dealú a dhéanamh in Éirinn, ach ní féidir suimiú. Tuigeann achan bhaincstéir ‘maith’ an méid sin. Is féidir dealú ach ní féidir suimiú.
»»»Léiriú eile é an scéal bréagach faoin Tiarna Lucan a foilsíodh i nuachtán Sasanach an mhí seo caite ar an dóigh a mbíonn na meáin chumarsáide sásta neamhaird a thabhairt ar an fhírinne uaireanta ar mhaithe le brabús, dar le Tony Birtill.
»»»Ghrinnigh Pat Butler fíricí na cáinaisnéise inné agus bhreac roimhe mar a nocht an scéal i rith an tráthnóna. Beidh Mícheál Ó Máirtín saighdte amach chun tosaigh os comhair na meán leis an aoibh is fearr agus dea-leagan an rialtais a chur abhaile ar chách.
»»»Phill Balor ar an tseandúchas gaelach thoir i Scidia lena sheanchas a mheilt le hImpire an Oirthir, eascara mór Killery Clinton agus Seosamh Bidet, an fear nár loic is nár lúib, Flathmhar Poitín.
»»»Beidh Máire Ní Chuagáin ag tabhairt aghaidhe ar an Afraic an mhí seo agus ar an Áis níos moille sa bhliain agus beidh sí ag scríobh tuairiscí rialta do Beo! mar gheall ar na heachtraí a thitfidh amach le linn a cuid taistil. An mhí seo, míníonn sé cén t-ullmhúchán atá ar bun aige le tamall anuas.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.