68
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
“Antaine,” a deir sé, “tá scéala agam duit. Ní chreidfidh tú é. Tá Ceol le dúnadh!” “Huh? Tá tú ag magadh!” “Nílim. Tá sé le dúnadh - ag deireadh na bliana, sílim.”
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Rónán Mac Con Iomaire ar an gCeathrú Rua i gConamara.
»»»Ar an 24 Samhain 2004 seoladh dlúthdhiosca dúbailte agus leabhrán dar teideal Scéalta Miotais agus Draíochta as Inis Eoghain. Ba é Raidió Phobal Inis Eoghain i nDún na nGall a d’fhoilsigh an pacáiste seo. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an bhfear a rinne comhordú ar an tionscadal, an t-amhránaí Jimmy McBride.
»»»Féachann Robert McMillen ar scéal beirt fhear chonspóideacha a bhí sa nuacht an mhí seo caite.
»»»Fuair John-Paul Mc Carthy lón machnaimh, agus sásamh dá réir, i leabhar le Bernard Williams a dhíleá ar na mallaibh, leabhar a threabh iomairí na fealsúnachta is an dlí.
»»»Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge. Luigh sé isteach ar fhoghlaim na teanga ag an am sin agus tá líofacht bainte amach aige, in ainneoin nach raibh sé in Éirinn ach uair amháin. Sa dara cuid seo dá alt, labhraíonn sé faoin turas sin go hÉirinn.
»»»Agus muid ag ceiliúradh Lá ‘le Pádraig fiosraíonn Breandán Delap cad is brí le bheith i do Éireannach.
»»»Fuair Balor, an tIriseoir calma clúiteach, deis roinnt cruacheisteanna a chur ar cheannaire an DUP, Ian Mór an Páiseadóir.
»»»Ní bheidh toghchán na huachtaránachta ar siúl sna Stáit Aontaithe go ceann bliain go leith eile ach, mar a mhíníonn Brian Ó Broin, tá an feachtas faoi lán seoil anois le tamall anuas.
»»»Tá Bearnaí Ó Doibhlin ag dearcadh san alt seo ar chlaonadh an Aba .i. leithcheal Phríomh-Aire na hAstráile ar mhná na polaitíochta sa domhan theas.
»»»Beidh deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil i San Francisco ag Nikki Ragsdale arís i mbliana. Labhair Éamonn Ó Donaill léi faoin obair atá ar siúl aici ar son na Gaeilge agus faoina dlúthdhiosca d’amhráin sean-nóis atá sí ag brath a sheoladh in Éirinn gan mhoill.
»»»Maraíodh na céadta míle i Ruanda i rith na nocháidí. Tá an leagan oifigiúil den scéal cloiste ag gach duine, ach san alt seo, tugann Maidhc Ó Cathail léargas eile dúinn mar gheall ar thréimhse mhillteanach an chinedhíothaithe sa tír sin.
»»»Chuir fógra a chonaic Tony Birtill i nuachtán áitiúil i Learpholl le gairid ag smaoineamh é ar John Lennon agus chomh tábhachtach is a bhí sé do bhunadh na hÉireann sa chathair.
»»»Ní bheadh a fhios ag duine cén tír aineoil i bhfad i gcéin as a dtáinig duine éicint de do shinsear. Chuir leabhar ar an ábhar iontas ar Robert McMillen.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.