202
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá Youenn Bothorel, ar fear óg ón mBriotáin é a dhéanann fidleacha den chéad scoth, ina chónaí i mBaile Átha Cliath le blianta anois. Tháinig sé go hÉirinn i dtosach toisc a spéis sa cheol Gaelach agus mar a deir sé féin, na smaointe rómánsacha a bhí aige faoin tír! Labhair Antaine Ó Faracháin leis le déanaí le fáil amach ar fíoraíodh a chuid brionglóidí.
»»»Scoil cheoil thraidisiúnta a reáchtáiltear do dhéagóirí Chonamara aimsir na Cásca atá i gceist le Cumar. Bíonn an scoil ar siúl go bliantúil ó Luan Cásca go dtí an Satharn dár gcionn. I mbliana beidh Cumar ar siúl ón 1 - 6 Aibreán agus is i gCeantar na nOileán a bheas an scoil lonnaithe, thart ar an Trá Bháin agus Tír an Fhia. Le fáil amach go díreach cad atá pleanáilte ag Cumar i mbliana, chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte le Neansaí Ní Choisdealbha, duine de stiúrthóirí na féile.
»»»‘Ceart is cóir dó’ a deir Colm Mac Séalaigh, ‘ní raibh ann ach gur shin sé lámh chuidithe amach ar son a thíre’.
»»»An cineál saoil a d’éalaigh ar throigh gan tuairisc as tíortha go leor ó lár an chéid seo caite le meath na dtithe ceann tuí, tá sé beo bisiúil go fóill sa Rómáin dar le Diarmuid Johnson.
»»»Tá beartas mór ar bun in iarthuaisceart na hAfraice le fál crainnte a thógáil idir an Sahára agus tíortha na Saiheile – An tSeineagáil, Mailí, Beinin agus an Nigéir.
»»»Tá ceithre oiread daoine ag fáil oideachas tríú leibhéal anois ná mar a bhí sna seascaidí ach tá go leor daoine fós nach bhfuil deis acu teacht i dtír ar an réimse leathan cúrsaí atá ar fáil. Measann Emer Ní Bhrádaigh go gcaithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus leis an deacracht atá ann de bharr líon na ndaltaí Ardteistiméireachta a bheith ag titim.
»»»Níl fuíoll molta fágtha ag Pat Butler ar scannán nua Steve Mc Queen, scannán atá bunaithe ar scéal fíor sclábhaíochta a tharraingeoidh deoir faoin tsúil as an gcroí is cranda.
»»»Déanann Natasha Evans cur síos ar Ghaelscoil Lios na nÓg i mBaile Átha Cliath, scoil atá lonnaithe i seanfhoirgneamh stairiúil a bhfuil droch-chaoi air agus ar gá leathmhilliún euro a chaitheamh chun bail a chur air.
»»»Smaoiníonn Colm Ó Snodaigh siar ar chúpla uair an chloig an-phléisiúrtha a chaith sé ag éisteacht le Martin Hayes agus Dennis Cahill ag seinm i gCill Chainnigh.
»»»Thug Gabriel Rosenstock taitneamh do leabhar filíochta Pheadair Uí Uallaigh, leabhar a shníomhann a ‘eolas beacht’ ar lus agus ar luibheanna trí logainmneacha Chorca Dhuibhne mar a dhéanfadh ‘draoi’.
»»»Thug Tony Birtill cuairt ar an Ionad Síochána i Warrington le déanaí agus labhair le Colin Parry, ar maraíodh a mhac Tim (12) i mbuama de chuid an IRA sa bhaile sin i 1993.
»»»Tá ceangal le fada ag an Derry Club, eagraíocht dhílseach i Learpholl, leis an Ulster Volunteer Force (UVF), ceangal a dtugann na meáin agus na polaiteoirí neamhaird air, dar le Tony Birtill.
»»»Measann Robert McMillen gur léiriú ab ea na círéibeacha a tharla i lár Bhaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo caite ar an mhíshásamh a bhraitheann go leor daoine le sochaí na hÉireann.
»»»Tharla an mhaidhm ghlas gan choinne i measc lucht vótála na Brasaíle ach, dar le Alex Hijmans, is cosúil go bhfillfidh an chuid sin de vótaí ‘Tonn na Glaise’ a theastós ó Rousseff lena tabhairt isteach i suí na hUachtaránachta ag deireadh na míosa seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.