199
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá an-bhorradh faoi chúrsaí Léann na hÉireann Ollscoil Notre Dame, a bhuíoch sin do Donald Keough a thug suim mhór airgid don institiúid i 1992 chun tús a chur leis an chlár. Labhair Tom Deignan le Keough agus thug cuairt ar an choláiste féin le déanaí.
»»»Bíonn féile ar siúl gach bliain in Sydney le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht an phobail aeraigh abhus. Insíonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn faoin imeacht spraíúil seo agus faoin mbaint atá ag an nGaeilge le stair an homaighnéasachais san Astráil.
»»»Thóg sé tamall fada ar Chiara Nic Gabhann an áit ar a dtugtar an Sean-Mhuileann a aimsiú i gCill Dara ach b’fhiú an iarracht a dhéanamh, dar léi.
»»»Tá Máire Ní Bheaglaoich tar éis DVD dar teideal Máire Begley’s Kerry Christmas: Christmas Songs, Music and Memories from the West Kerry Gaeltacht agus dlúthdhiosca amhránaíochta dar teideal Rogha Mháire Begley a sheoladh le déanaí. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoin dá dhiosca nua seo.
»»»Bean a chaith am is allas go leor ag scríobh do na sraitheanna teilifíse, Ros na Rún, Seacht agus Aifric í Ailbhe Nic Giolla Bhrighde. As Tír Chonaill ó dhúchas, bhí aithne fhorleathan ar a hathair Tom an Bhungaló. Tá leabhair a scríobh sí aistrithe go Sínis, go Gàidhlig agus go teanga na Cóiré. Chas Seosamh Mac Muirí léi agus thoisigh an chaint.
»»»Loiteadh cuid de thaispeántas de chuid arm na Breataine i Learpholl cúpla uair le tamall anuas agus creidtear gur dílseoirí a rinne an damáiste. Cúlra an scéil ó Tony Birtill.
»»»Feictear do dhaoine baint a bheith ag an chruthaitheacht le galar meabhrach. Chuir Ciara Nic Gabhann spéis sa scéal.
»»»Tá baint ag Tony Birtill le hócaid a bheidh ar siúl i bhFrongoch na Breataine Bige ag deireadh na míosa seo nuair a nochtfar leacht i gcuimhne ar na príosúnaigh Éireannacha a chaith seal ansin roimh bhunú Shaorstát na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos aige ar stair roinnt de na daoine a bhí faoi ghlas ansin.
»»»Tar éis d’Emer Ní Bhrádaigh Camino de Santiago de Compostella na Spáinne a shiúl an samhradh seo, bhí sí cinnte de rud amháin - nach mbeadh sí ag dul ar ais ansin an bhliain seo chugainn.
»»»Braitheann Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil cuid mhaith de mhuintir na hAstráile á saobhadh féin le híomhá de fhéiniúlacht na heasurraime, íomhá nach dtagann le fírinne an scéil.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: An Ród seo Romham: Saol agus Saothar Phádraic Mhic Phiarais (Comhar, €12.50) le Liam Mac Uistín. Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»Baineann Colm Ó Snodaigh an-sásamh as bheith ag seinm i seisiúin cheoil sa teach tábhairne, in ainneoin go mbíonn air “The Lonesome Boatman” a chasadh ó am go chéile.
»»»Caitheann Balor a shúil ar imeachtaí sa tír le tamall anuas.
»»»Tá amhráin agus filíocht den chéad scoth ar albam nua John Spillane agus Louis de Paor agus is saothar tábhachtach é ó thaobh na Gaeilge chomh maith. Labhair Éamonn Ó Dónaill le Spillane le déanaí, roimh cheolchoirm dá chuid i mBaile Átha Cliath.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.