119
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Is minic a deir daoine go bhfuil an seicteachas in Albain chomh holc céanna is atá sé i dTuaisceart Éireann, ach ní aontaíonn na saineolaithe leis an tuairim sin, mar a fuair Stiofán MacGréill amach.
»»»Tá cruatan na múinteoirí ag goilliúint ar Bhalor, iriseoir an chroí bhoig mhaoithnigh, óir tuigeann sé go maith gur i muinín árasáin sa Bhulgáir a bheas roinnt acu an samhradh suarach seo.
»»»Ó bunaíodh Wikipedia, an chiclipéid ar líne, sa bhliain 2000, tá na mílte duine ar fud an domhain tar éis ábhar a chur ar fáil dó. Le tamall anuas, áfach, tá saineolaithe áirithe tar éis an suíomh a cháineadh, ag rá nach féidir bheith cinnte go bhfuil an t-eolas atá air cruinn. Fós féin, tá an-ráchairt air, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Tharraing dúnmharú tubaisteach Jill Meaghar i Melbourne cuimhne Bhearnaí Uí Dhoibhlin siar chuig scéal uafáis a thit amach i gCathair Darwin i samhradh na bliana 1999, scéal a bhain go dlúth le hÉirinn.
»»»Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.
»»»Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil laigí móra ag baint leis an tsraith mar gheall ar an iar-Thaoiseach Cathal Ó hEochaidh atá á craoladh ar RTÉ an samhradh seo.
»»»Míníonn Diarmaid Mac Mathúna na buntáistí móra a bhaineann le blaganna.
»»»Tá Roseanne Smith ag moladh na gcomhdhálacha agus molann sí do lucht comhdhála amháin aird a dhíriú ar ghné ar leith ina gcur chuige an bhliain seo chugainn.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar Archaeolink, ionad in Albain ina dtugtar an-léargas ar an saol a bhí ag daoine na mílte bliain ó shin.
»»»Chomh maith le hobair na hacadúlachta i SAM, bhí Brian Ó Broin ag faire go géar ar scéal uisce faoi thalamh ghníomhairí Putin sa chomharsain aige féin. Muintir Uí Mhurchú Gúrdheiv, nár leáigh an t-im ina mbéal riamh.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta. Caitheann sé súil san alt seo ar an tuarascáil a tháinig amach deireadh mí Iúil ón gComhchoiste Oireachtais. Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta!
»»»Thug Tony Birtill cuairt ar an Ionad Síochána i Warrington le déanaí agus labhair le Colin Parry, ar maraíodh a mhac Tim (12) i mbuama de chuid an IRA sa bhaile sin i 1993.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.