106
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Is clár é “Barrscéalta” ar Raidió na Gaeltachta a thugann guth do na gnáthdhaoine in iarthuaisceart Thír Chonaill. Labhair Colm Ó Dúlacháin le láithreoir an chláir, Áine Ní Churráin.
»»»Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry nó ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.
»»»Tá cuid fuinneog cáiliúil Harry Clarke i gcaife Bewley’s ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath, a dúnadh ag deireadh mhí na Samhna, ina n-ábhar aighnis idir úinéirí an chaife agus úinéirí an fhoirgnimh, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Beidh taispeántas de shaothar an ealaíontóra Mheiriceánaigh Edward Hopper (1882-1967) ar siúl i Londain an samhradh seo. Féachann Ciara Nic Gabhann ar shaol agus ar shaothar an aonaráin seo a ndeachaigh a chuid pictiúr i bhfeidhm ar go leor daoine, lucht déanta scannán ina measc.
»»»Léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin thíos cuid den teasaíocht cainte agus tuairime a ghin an téamh domhanda i bpolaitíocht na hAstráile ar na mallaibh.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.
»»»Feiceann Colm Mac Séalaigh cosúlachtaí suntasacha idir an spórt agus an chogaíocht.
»»»Ag taisteal na hEorpa dó le trí bliana anuas, casadh daoine spéisiúla go leor ar an scríbhneoir Diarmuid Johnson. Seo í an chéad mhír uaidh faoina chuid eachtraí sa bPolainn, agus i dtíortha nach í.
»»»Is léir do mhuintir an taoibh sin domhain amháin a bhfuil de dhifríocht idir an Astráil agus an Nua-Shéalainn agus is feasach do Bhearnaí Ó Doibhlin faoin am seo saintréithe an dá thír.
»»»Tá leidí ag Roseanne Smith le thú a chur ag ceannach, nó ag díol, fút is tharat, ach ar leath an chostais a íocadh roimhe seo. Tá an comharcheannach ag déanamh dul chun cinn mar a bheadh loscadh sléibhe tríd an idirlíon.
»»»Ní bhítear mar a theilgtear, ar chláir theilifíse ar aon chuma. Tá comhlachtaí scannáin Chalifornia go maith ag soláthar íomhá den saol meánscoile i SAM nach siúlann ar an bhfírinne dar le Brian Ó Broin.
»»»Tá Risteard Mac Gabhann, Uachtarán an Oireachtais 2006, gníomhach i saol na Gaeilge agus i gcúrsaí oideachais le blianta fada anois, ina chathair dhúchais, Doire, agus go náisiúnta. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoina óige i nDoire, a chuid oibre i gcoláistí tríú leibhéal an tuaiscirt, agus na leabhair d’fhoghlaimeoirí Gaeilge atá foilsithe aige le tríocha bliain anuas.
»»»Chuir seachtain a chaith Tony Birtill ag dreapadh san Iorua an mhí seo caite ag smaoineamh é ar an chontúirt a bhaineann leis an chaitheamh aimsire sin.
»»»Tá cur síos ag Tony Birtill an mhí seo ar chuid de na heachtraí a bhain dó agus é ar chúrsa i sléibhte na hAlban.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: foréigean i gcaidreamh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.