119
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Gach mí, ceistíonn Beo duine as eagras de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh ag an eagras sin. An mhí seo: Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge.
»»»Chuir sé iontas ar Bhreandán Delap an méid Éireannach a bhí ag siopadóireacht i Nua-Eabhrac nuair a bhí sé ansin ag an Nollaig anuraidh. Léiriú eile é seo, dar leis, ar an tslí a bhfuil na hÉireannaigh ag dul thar fóir ag caitheamh airgid gan smaoineamh ar na himpleachtaí fadtéarmacha.
»»»Chuaigh Tony Birtill ar turas bliantúil Chumann na Téide Deirge, an scaifte dreapadóirí, in Albain i mí Feabhra. Mura raibh aon suí ar a thóin bhí cóir gaoithe leis, rud a bhíos garach ar dhroim sléibhe.
»»»Tá sé trí bliana ó fuair Brian Rossiter bás, ceithre lá i ndiaidh dó dul isteach i gcóma agus é faoi choinneáil i stáisiún Gardaí Chluain Meala i gContae Thiobraid Árann, ach níl míniú sásúil ar a tharla sa stáisiún ag an am faighte ag a theaghlach go fóill. Tuairisc ó Dhónall Ó Maolfabhail.
»»»An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
»»»Chuir Ciara Nic Gabhann spéis in amhrán PSY ó Phoblacht na Cóiré, rap-amhránaí a bhfuil na céadta milliún á chasadh ar Youtube le tamall anuas.
»»»Agus camchuairt díreach críochnaithe ag Kila, tá Colm Ó Snodaigh ag súil le tréimhse níos ciúine agus níos réchúisí, as a dtiocfaidh inspioráid don cheol úr.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag léamh leabhar staire de chuid ár linne féin ar na mallaibh. Is é a thuairim go mbeidh an saothar seo mar lámhleabhar ag lucht staire go leor amach anseo.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: péinteáil tí
»»»Dfhoghlaim Liz Curtis go leor faoi shaol na manach fadó le linn di cuairt a thabhairt ar an áit a raibh mainistir Bheannachair suite fadó.
»»»Ní bhaineann ciorruithe le féiniúlacht, is cosúil. Má bhítear ag máirseáil ó thuaidh, feictear do Robert McMillen nach mar léirsiú in aghaidh ciorruithe a tharlóidh sé.
»»»Thug Barra Mac Giolla Iasachta cuairt ar an tSín i mbliana agus chuir na hathruithe atá ag teacht ar an tír alltacht air.
»»»Tá cuid mhór le gnóthú ag Aer Lingus as an chomhaontú a síníodh le déanaí idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe maidir le heitiltí trasatlantacha, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»D’fhógair an UDA sos cogaidh ag deireadh na míosa seo caite ach ní chreideann Robert McMillen go bhfuil siad dáiríre faoi.
»»»Tá an bhéim ar an obair phraiticiúil ar chúrsa nua raidió a thosaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara le gairid, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill, atá ina theagascóir ar an gcúrsa.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.