133
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá sé dhuais déag, ina measc ceann ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann ag deireadh na míosa seo caite, buaite ag Yu Ming Is Ainm Dom, gearrscannán Gaeilge leis an stiúrthóir Daniel O’Hara as Baile Átha Cliath. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis faoin scannán seo agus faoin gceann nua atá díreach eisithe, Fluent Dysphasia.
»»»Níl Máire Killoran ach sna tríochaidí luatha ach tá post mór bainte amach aici cheana féin, is é sin Ceannaire Chiste Craoltóireachta Gaeilge an tuaiscirt. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin obair atá déanta aici go dtí seo i réimse na hiriseoireachta agus faoi na dúshláin atá roimpi.
»»»Chuaigh Edwina Nig Eochaidhean faoi pholl cnaipe de bheith ina Rós Thrá Lí anuraidh agus tá na céadta den dream an-óg meallta léi i mbun damhsa ar an sean-nós ar fud an iarthuaiscirt. Chuaigh Seosamh Mac Muirí ar céilí chuici i Lea’s Tea Room.
»»»Tá PJ Mac Gabhann ag coinneáil súile ar scéal Jean-Pierre Treiber sa Fhrainc. Ní fios an méid scannán a dhéanfar as amach anseo.
»»»Tá comhairle ag Antaine Ó Faracháin an mhí seo don té a mbeadh suim aige nó aici dul i mbun na portaireachta.
»»»Deir Rialtas na hAstráile go mbeidh siad ábalta an fliú éan a choinneáil faoi smacht san am atá romhainn ach tá amhras ar Dháithí Ó Colchúin faoi a bhfuil ráite acu go dtí seo faoin ngalar.
»»»De thairbhe go bhfuil leithéidí GPS, GoogleMaps agus Loopt ar fáil go fairsing, níl aon leithscéal agat a bheith caillte a thuilleadh. Insíonn Diarmuid Mac Mathúna dúinn faoin teicneolaíocht seo agus faoi OpenStreetMap, an córas mapála foinse oscailte a bheidh ar fáil saor in aisce go deo.
»»»An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Áine Ní Chonghaile, EUROPUS Teoranta, An Cheathrú Rua, Conamara.
»»»Tar éis d’Emer Ní Bhrádaigh Camino de Santiago de Compostella na Spáinne a shiúl an samhradh seo, bhí sí cinnte de rud amháin - nach mbeadh sí ag dul ar ais ansin an bhliain seo chugainn.
»»»Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus béigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.
»»»Tugadh an cuntas seo thíos nuair a seoladh leabhar, móide dlúthdhioscaí, ar na mallaibh as bailiúchán Dögen atá curtha in eagar ag Róise Ní Bhaoill.
»»»Is iomaí cor i saol na polaitíochta. Bhí Julia Gillard thuas seal thíos seal mar Phríomh-Aire na hAstráile agus bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an scéal.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.