197
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Áirítear TK Whitaker ar dhuine de na daoine is tábhachtaí a bhí bainteach le cúrsaí geilleagair in Éirinn sa 20ú haois. Labhair sé le Bernardine Nic Giolla Phádraig faoina shaol mar statseirbhíseach agus faoina shuim sa Ghaeilge.
»»»Tá leabhar díreach léite ag Tom Deignan faoi Phrotastúnach mná as na Stáit Aontaithe a tháinig i dtarrtháil ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach i mblianta an Ghorta Mhóir.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag léamh leabhair a chaitheann solas lonrach ar fhear a chaith blianta le gairm na dornálaíochta i Meiriceá, fear a chuaigh i bhfeidhm ar mhuintir a linne laistigh agus lasmuigh den chró.
»»»Tá go leor comhlachtaí ríomhaireachta ag cur táirgí ar fáil i nGaeilge anois, Microsoft san áireamh, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Caroline Nolan, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Béal Feirste.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Tomás Mac Gearailt, Gaeltalk.net (www.gaeltalk.net), Co. Chorcaí.
»»»Tá cuid mhór den phobal idirnáisiúnta míshásta mar gheall ar leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, ach tá Maidhc Ó Cathail den tuairim nach bhfuil iompar an Dalaí Láma féin thar mholadh beirte.
»»»Tá cáil ar an scríbhneoir Maorach Witi Ihimaera ní hamháin mar ghearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir - fuair an script a scríobh sé don scannán Whale Rider roinnt blianta ó shin an-mholadh go hidirnáisiúnta fosta. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis le déanaí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil sé ag obair mar Ollamh le Litríocht Mhaorach, faoina shaothar agus faoina dhúchas.
»»»Bhuaigh Gabriel Rosenstock turas timpeall an domhain do bheirt an bhliain seo caite. Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Sa sliocht seo as leabhar atá á scríobh aige faoi na heachtraí a tharla dóibh le linn an turais, tá cur síos aige ar an tSeapáin, an tríú tír ar stop siad inti.
»»»Bhí sé de phribhléid ag Colm Ó Snodaigh páirt a ghlacadh le déanaí i dtaifeadadh amhráin in ómós do cheoltóir Ronnie Drew agus seal a chaitheamh i gcuideachta an fhir féin.
»»»Ríomhann Alan Desmond scéal anróiteach mionlaigh eile san alt seo, an Rohingya. Is dream iad atá sáinnithe ag drong mhíleata Maenmar a imríonn gach feall is féidir lena ndíothú de dhroim na talún.
»»»Tá Pat Butler tógtha go mór le céad fhadscannán Momoko Ando, ‘Kakera – A Piece of Our Life’.
»»»Bhí Robert McMillen i láthair ag léacht i nGort na Móna, Béal Feirste, inar thug Bernadette McAliskey léaró agus rabhadh faoina mbeidh ag titim amach ó thuaidh.
»»»Chaith Ruth Nic Giolla Iasachta seal i mBeirlín na Gearmáine i mí Feabhra i mbliana le linn don fhéile idirnáisiúnta scannán bheith ar siúl.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.