106
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Is maith is aithin le muintir na tíre Cathy Jordan agus Dervish as na blianta ceoil agus as dlúthdhioscaí a eisiúint, gan trácht ar a n-iarracht ar son na hÉireann ag an Eoraifís i Helsinki cúpla bliain ó shin. Is cuimhin le roinnt d’éisteoirí RnaG an dóigh a raibh Cathy in ann gáire le Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár go gairid i ndiaidh na hEoraifíse. Bhuail Seosamh Mac Muirí léi ar na mallaibh lena ceistiú féachaint cá bhfuil sí féin agus Dervish ar na saolta seo. Bhí sé le hinsint aici, i measc rudaí go leor eile, go mbeidh dlúthdhiosca á sheoladh aici in éineacht le Séamie O Dowd agus le Rick Epping i lár na míosa seo.
»»»Caithfidh duine éicint an téiléireacht a íoc a deir Colm Mac Séalaigh, nó ní fheicfimid cluichí idirnáisiúnta rugbaí ná cluichí ceannais Chumann Lúthchleas Gael ar an scáileán amach anseo.
»»»Tá leabhar an-tábhachtach curtha amach ag Pat Mitchell faoi cheol an phíobaire Séamus Ennis. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin saothar nua seo.
»»»Turasóireacht go lár na hAstráile, nó sotal an fhir ghil? Ní féidir líon mór de na ‘fámairí’ a choinneáil anuas de Uluru, ionad naofa Mhuintir Anangu. Caithfidh siad satailt air agus is measa an scéal le tamall anuas, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Kenneth Peterson, Ár dTeanga Féin, Sasana Nua, Na Stáit Aontaithe.
»»»Tá Liz Curtis an-tógtha le cuid amhránaíochta Jeannie Robertson, an t-amhránaí Albanach a fuair bás breis is tríocha bliain ó shin.
»»»Tuigeann an tAire Oideachais go bhfuil géarchéim i múineadh na Gaeilge sna scoileanna ach an mbeidh cead aici dul i ngleic leis an fhadhb, a fhiafraíonn Breandán Delap.
»»»Áiríonn Roseanne Smith liosta fad do sciatháin de shuíomhanna áisiúla san alt seo, suíomhanna a mheallann ar ais chuig an scáileán í go minic, bíodh an ghrian ag briseadh na gcloch amuigh nó ná bíodh.
»»»Is oileán beag é Cléire, atá suite amach ó chósta Chorcaí. Thug Liz Curtis cuairt air an samhradh seo.
»»»Tá cuid mhór den phobal idirnáisiúnta míshásta mar gheall ar leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, ach tá Maidhc Ó Cathail den tuairim nach bhfuil iompar an Dalaí Láma féin thar mholadh beirte.
»»»Tá Raidió na Life, an stáisiún raidió Gaeilge atá lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath, ag craoladh gan stop ó bhí 25 Meán Fómhair 1993. Is éacht é seo nuair a smaoiníonn go mbíonn craoltóirí an stáisiúin ar fad ag obair go deonach. Labhair Éamonn Ó Dónaill le bainisteoir an stáisiúin, Fionnuala Mac Aodha, faoina cuid oibre le Raidió na Life agus faoi bhfuil i ndán don tseirbhís san am atá romhainn.
»»»Údarás na Gaeilge a dhéanamh de Údarás na Gaeltachta, atá beartaithe ag an rialtas de réir An Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Céim mhór ar gcúl a bheadh ann, dar le Donncha Ó hÉallaithe.
»»»Is cleasach an ealaín an t-airgead, mar is eol dúinn anois, ach is í ealaín chliste airgid, nó ealaín chliseadh an airgid, le Frank Buckley a tharraing aird Chiara Nic Gabhann san alt seo.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Thaispeántas Bliantúil an Acadaimh Ríoga Ibeirnigh (RHA) le gairid agus chuir an méid saothar a bhí le feiceáil ann mearú uirthi.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.