52
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse. Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús. Chas Seosamh Mac Muirí léi gar don ollscoil a bhfuil sí ag freastal ar chúrsa céime sna teangacha le cúpla bliain anuas, Maigh Nuat. Labhair sí ar bhronnadh na nduaiseanna IFTA, an saol cathrach, an Ghaeltacht, Raidió na Life agus ar mhórán eile thairis sin.
»»»Measann go leor de mhuintir na hÉireann gur luachmhaire an éiceolaíocht agus an timpeallacht ná an Ghaeilge agus an oidhreacht, dar le hEmer Ní Bhrádaigh.
»»»Míníonn Pól Ó Fearghusa cad iad na gníomhaíochtaí a mbaineann sé úsáid astu agus é i mbun ranganna Gaeilge do dhaoine fásta in Union County, New Jersey.
»»»Tá tús oifigiúil á chur ag Breandán Delap le séasúr na seafóide sna meáin Ghaeilge lena chur síos ar na hiarrachtaí dealbh de Shean-Phádraic Ó Conaire a thabhairt ar ais go croílár na Gaillimhe.
»»»Chuir Oireachtas na Samhna i nGaoth Dobhair Balor ag smaoineamh ar ócáid na bliana anuraidh.
»»»Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean deitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.
»»»Tá léamh le fáil ar imeachtaí le linn na stailce ocrais i 1981 i leabhar nua nach bhfuil go leor de na poblachtánaigh róshásta faoi, mar a mhíníonn Breandán Delap.
»»»Caithfear éisteacht leis an gcolainn, dar le Colm Mac Séalaigh, mar is féidir éachtaí a dhéanamh ar feadh na mblianta, ach níor cheart éinne a spíonadh amach uilig, thar a acmhainn.
»»»Ba thógáil meanman é do go leor daoine Foireann Choláistí Átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann a bhuachan le déanaí ach ní léiriú é an bua sin, dar le Colm Mac Séalaigh, ar staid na hiomána sa phríomhchathair.
»»»Beidh TG4 deich mbliana ar an aer oíche Shamhna. Labhair Éamonn Ó Dónaill le Leascheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha, faoin chéad deich mbliana sin, agus faoina shaol féin mar chléireach agus mar scoláire i dtús a shaoil agus sna meáin chumarsáide ina dhiaidh sin.
»»»Le sé bliana anuas tá Gaeltext, an tseirbhís teilithéacs as Gaeilge, ag cur eolais ar fáil do phobal na Gaeilge. Tugann Máire Ní Fhinn, Eagarthóir na seirbhíse, cur síos anseo ar chúlra Gaeltext agus ar an bhforbairt atá tagtha air le tamall anuas.
»»»Thug clár teilifíse a rinneadh ar Niall Tóibín, ‘Seóman’, a léiríodh faoi Nollaig ar TG4, ábhar machnaimh do John-Paul McCarthy ar an ‘inneall cealgach’, Cathair Chorcaí.
»»»Léirigh an tslí ar cuireadh deireadh le triail na rialacha nua sa pheil Ghaelach le gairid easpa misnigh i gCumann Lúthchleas Gael, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.